John Coffey (iománaí)

iománaí Éireannach

Iománaí Éireannach ab ea John Coffey (14 Eanáir 1918 – 11 Lúnasa 2019). D'imir sé naoi séasúr le foireann sinsear Thiobraid Árann ó 1940 go 1948.[1][2] Ba é an ceathrú duine a bhuaigh bonn Uile-Éireann san iomáint a raibh an céad slánaithe aige.[3][4]

Infotaula de personaJohn Coffey
Beathaisnéis
Breith14 Eanáir 1918
An Bóthar Leathan, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Lúnasa 2019
101 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmteicneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
1945 All-Ireland Senior Hurling Championship Final (en) Aistrigh
Conair
  Foireann Comórtas
- CLG An Bóthar Leathan-Dumha Aille
- Foireann Sinsir Iomána Thiobraid Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2 Meán Fómhair 19451945 All-Ireland Senior Hurling Championship Final (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Roghnaíodh Coffey mar bhall d'fhoireann mionúr Thiobraid Árann nuair a bhí sé sé bliana déag d’aois. D'imir sé trí shéasúr craobhchomórtais leis an bhfoireann mionúr, agus bhuaigh sé bonn Uile-Éireann leo ina chéad bhliain, in 1934. Ina dhiaidh sin, d'imir sé le foireann sóisear an chontae idir 1936 agus 1940. Ba sa bhliain 1940 a d'imir sé a chéad chluiche leis an bhfoireann sinsear, agus ó 1940 go 1948 roghnaíodh i bhfoireann na sinsear é go rialta. Bhuaigh sé bonn ór i gCraobhchomórtas na hÉireann sa bhliain 1945, agus Craobh na Mumhan sa bhliain chéanna. D'éirigh Coffey as an iomáint idirchontae tar éis chraobhchomórtas na hÉireann in 1948.

Chaith sé seal gairid i gcúltaca Óglaigh na hÉireann ar oileán Dhairbhre agus é ag cosaint na línte teileagraif le linn an Dara Cogadh Domhanda, línte a cheangail Éire le Meiriceá ag an am. Chuaigh sé féin agus a bhean chéile, Kitty, ar imirce go Toronto Cheanada ó 1955-1960, áit ar saolaíodh triúr clainne dóibh. Is i mBaile Átha Cliath a chuireadar fúthu agus iad ag filleadh ar Éirinn, agus is ansin a d'fhanadar agus a thógadar a seisear clainne. D'oibrigh sé mar theicneoir línte fóin agus teileagraif don tréimhse seo.

Fuair sé bás mí Lúnasa 2019 agus aois 101 aige.[5]

Gradaim cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mick Murphy honoured as Billy Quinn passes away”. Tipperary Star (23 January 2016). Dáta rochtana: 26 January 2016.
  2. O'Sullivan (21 July 2017). “Meet John Coffey: Hurling's oldest living All-Ireland medal holder”. Irish Examiner. Dáta rochtana: 21 July 2017.
  3. John Coffey - Oldest Living All Ireland Winner turns 100” (14 February 2018).
  4. Meet John Coffey: Hurling's oldest living All-Ireland medal holder”. www.irishexaminer.com (21 July 2017).
  5. Passing of Tipperary hurling legend John Coffey (aged 102) - the oldest All-Ireland medal winner”. Tipperary Live (12 August 2019). Dáta rochtana: 13 August 2019.