An Bóthar Leathan

sráidbhaile i gContae Thiobraid Árann

Sráidbhaile beag agus baile daonáirimh i gContae Thiobraid Árann is ea an Bóthar Leathan.[1][2] Tá sé suite ar an mbóthar réigiúnach R660 idir Caiseal agus Mainistir na Croiche. Rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh baile daonáirimh den Bhóthar Leathan den chéad uair i ndaonáireamh 2016,[3] agus bhí 299 duine ina gcónaí ann ag an am sin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bóthar Leathan

Suíomh
Map
 52°34′20″N 7°53′37″W / 52.5722°N 7.8937°W / 52.5722; -7.8937
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Thiobraid Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie67170

Bhí Charles Bianconi (1786–1875), fiontraí agus forbróir seirbhísí cóiste in Éirinn, ina chónaí ag Teach Longfield i ngar don Bhóthar Leathan.[4] Choimisiúnaigh sé séipéal cuimhneacháin sa stíl Iodálach i reilig an tsráidbhaile.[5][6] Tógadh an eaglais Chaitliceach áitiúil, taobh leis an reilig, i 1964 ar shuíomh seanséipéil a bhí ann sa 19ú haois.[7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Bóthar Leathan/Boherlahan | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-14.
  2. Boherlahan (Ireland) Census Town”. citypopulation.de. Dáta rochtana: 22 August 2021.
  3. Census of Population 2016 - Profile 2 Population Distribution and Movement”. cso.ie. Central Statistics Office. Dáta rochtana: 26 June 2021. “26 new census towns were created for the 2016 Census [..including..] Boherlahan”
  4. Longfield House”. askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 22 August 2021.
  5. Charles Bianconi (1786-1875) – The Man Who Put Ireland On Wheels”. turtlebunbury.com. Dáta rochtana: 22 August 2021. “[Bianconi] was buried in the family vault of the Mortuary Chapel which he had built at Boherlahan”
  6. Bianconi Mortuary Chapel, Ardmayle East, Tipperary South”. buildingsofireland.ie. National Inventory of Architectural Heritage. Dáta rochtana: 22 August 2021.
  7. Saints Peter And Paul's Catholic Church, Nodstown, Boherlahan, Tipperary South”. buildingsofireland.ie. National Inventory of Architectural Heritage. Dáta rochtana: 22 August 2021.