Seán Ó Conghaile

iománaí
(Athsheolta ó John Connolly)

Fathach iománaíochta na Gaillimhe ab ea Seán Ó Conghaile (Béarla: John Connolly).

Infotaula de personaSeán Ó Conghaile
Beathaisnéis
Breith14 Meitheamh 1948
76 bliana d'aois
Leitir Móir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Baineann an t-alt seo leis an iománaí as Contae na Gaillimhe; má tá suim agat sa cheoltóir as Conamara, féach Johnny Connolly.
Seán Ó Conghaile
Eolas pearsanta
Spórt Iomáint
Ainm Béarla John Connolly
Dáta breithe 1962
Dáta báis
Áit bhreithe An Caisleán Gearr, Contae na Gaillimhe
Airde
Leasainm
Eolas club
Club An Caisleán Gearr
Ionad Tosaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
An Caisleán Gearr 1970idí - 1980idí
Idirchontae
Contae Gaillimh
Ionad Tosaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Gaillimh 1970idí - 1980idí
Duaiseanna
Craobh Cúige Chonnacht 0
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 1
Sárimreoirí 2

Rugadh an laoch mór iomána seo i Leitir Móir, i gConamara i gContae na Gaillimhe sa bhliain 1948. Thug an teaghlach a n-aghaidh ar chathair na Gaillimhe i 1953 agus shocaigh siad i mBaile an Bhríota gar go maith do ráschúrsa na gcapall. Thosaigh sé luath go maith ag imirt iománaíochta. Bhí an-suim go deo ag a athair sa gcluiche rud a chuaigh i bhfeidhm go mór air. Is cuimhín le John a athair á iompar ar thrasnán a rothair chomh fada le Páirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá ag cluiche iománaíochta le Gaillimh a fheiceáil ag imirt.

An club áitiúil

cuir in eagar

Ba é club an Chaisleáin Gheairr an club iománaíochta a bhí san áit.Bhí a bpáirc imeartha ag an am sin buailte ar theach John agus a mhuintire. Bhíodh John ag lascadh na liathróide in éineacht leis na hiománaithe agus iad ag cleachtadh na scileanna. Bhíodh sé ag rith soir agus siar chun na liathróidí a bhailiú chuile uair a ndeachaigh an sliotar ar strae. Is iomaí tráthnóna a chaith sé ina gcomhluadar agus ba í an iománaíocht a bhíodh i gcónaí á phlé acu.

Deartháireacha cáiliúla Uí Chonghaile

cuir in eagar

B'shin é an chaoi ar thosaigh John agus a sheisear dearthár ag imirt agus ag cleachtadh a gcuid scileanna iománaíochta.Bhí an seachtar dearthár ag imirt ar fhoireann an Chaisleáin Gheairr i gCraobh Club na hÉireann nuair a bhuaigh siad an chraobh. D'éirigh leo foireann Baile an Chaistil ó chontae Aontroma a chloí sa gcluiche ceannais. Admhaíonn John sa leabhar "Giants of the Ash" le Brendan Fullam go mba é sin an lá ab fhearr riamh ina shaol iománaíochta. Bhíodh sé de nós ag na deartháireacha casadh le chéile i dteach a mhamó ar maidin sula rachaidís ag imirt i gcluiche. Bhíodh neart cainte agus plé ar an gcluiche. Chabhraigh sé seo go mór leo spiorad agus díocas a chothú eatarthu féin rud a thug siad leo cosúil le Cúchulainn agus iad i lár na coimhlinte ar pháirc na himeartha.

Cúlra foirne

cuir in eagar

Bhí John ina chaptaen i 1975 nuair a d'imir Gaillimh in aghaidh Thiobraid Árann sa léig náisiúnta. D'imir sé i lár na páirce do Ghaillimh an lá sin. Bhuaigh Gaillimh ar Thiobraid Árann agus bhí a mbua cinniúnach mar nach raibh mórán de na cluichí móra buachta acu go dtí seo. Bhí scil agus cumas iomána John Connolly os comhair an phobail faoi dheireadh thiar thall. Bhí John ag imirt sna tosaithe ar fhoireann na Gaillimhe ar an lá stairiúil úd nuair a bhuaigh Gaillimh cluiche ceannais iomána na hÉireann i 1980. Fuair siad an ceann is fearr ar Luimneach sa gcluiche. Bhí a chuid deartháireacha Mícheal agus Joe ar an bpáirc an lá sin freisin chomh maith le Pádraig a bhí ina fhear ionad. Cuimhneoidh muintir na Gaillimhe go brách na breithe ar an óráid iontach spreagúil a chuir Joe a dheartháir dá chroí an lá sin. Bhí na Connolloy's riamh sáite san iománaíocht. Níl a chlann mhac ach an oiread ag tabhairt cúl le cíne. Tá an bheirt acu Shane agus Cathal anois ag lascadh na fúinseoige ar pháirc na himeartha.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar