Is é John Eric Ensign (rugadh 25 Márta 1958) iarsheanadóir na Stát Aontaithe shóisearach ó Nevada. Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Rugadh é i Roseville, California, ach bhog seisean agus a chlann go dtí Nevada nuair a bhí sé óg. D'fhreastail sé ar ollscoileanna i Nevada, Oregon agus Colorado. Fuair sé dintiúirí mar thréidlia sa bhliain 1985. Is fear gnó é agus bhunaigh sé ospidéal d'ainmhithe i Las Vegas, mar a bhfuil sé ag obair anois.

Infotaula de personaJohn Ensign

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Márta 1958
66 bliana d'aois
Roseville, California, California Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2011 – 3 Bealtaine 2011 (éirí as)Dean Heller →

Toghcheantar: Nevada Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2009 – 3 Eanáir 2011

Toghcheantar: Nevada Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2007 – 3 Eanáir 2009

Toghcheantar: Nevada Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2005 – 3 Eanáir 2007

Toghcheantar: Nevada Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2003 – 3 Eanáir 2005

Toghcheantar: Nevada Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2001 – 3 Eanáir 2003
← Richard Bryan (en) Aistrigh

Toghcheantar: Nevada Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Ionadaí na Stát Aontaithe
7 Eanáir 1997 – 3 Eanáir 1999


Ionadaí na Stát Aontaithe
4 Eanáir 1995 – 3 Eanáir 1997


Faisnéis phearsanta
ReiligiúnThe Foursquare Church (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Oregon - Baitsiléir Eolaíochta (–1981)
Ollscoil Nevada, Las Vegas (–1979)
Ollscoil Stáit Colorado - tréidliacht (–1985)
Ardscoil Ed W. Clark (–1976) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, bainisteoir ginearálta (–1991), tréidlia, bainisteoir ginearálta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Síniú

Twitter: JimTalent Cuir in eagar ar Wikidata

Chuaigh sé le polaitíocht agus toghadh mar ionadaí i dTeach Ionadaithe na Stát Aontaithe é sa bhliain 1994. Atoghadh é sa bhliain 1996 ach níor sheas sé arís sa bhliain 1998. Rith sé don Seanad ach chaill sé do Harry Reid, Daonlathach. Fuair sé áit sa Seanad tar éis a dhara iarracht, sa bhliain 2000.

Do b'é Ensign an príomhghlór i gcoinne rialú na Cúirte Uachtaraí "Kelo v. New London". Sa chás úd dúirt an chúirt go raibh cead ag rialtais áitiúla (New London, Connecticut a bhí i gceist) iallach a chur ar úinéirí a dtalamh agus tithe a dhíol ar mhaitheas fhorbairt phríobháideach.

Fuair Seanadóir Ensign moladh ó chuid mhaith eagraíochtaí mar gheall ar a choimeádachas fioscach. Sa bhliain 2003, d'ainmnigh an American Conservative Union Ensign in éineacht le Seanadóirí Chuck Hagel (NE) agus Don Nickles (OK) mar sheanadóirí is coimeádaí na bliana 2003. D'éirigh Ensign as a phost mar sheanadóir ar an 3 Bealtaine 2011 i ndiaidh imscrúdú um sárú eitice a bheith curtha ar siúl ina leith. Dean Heller, Poblachtach eile, a tháinig i gcomharbas air.