John Kerr (Gobharnóir Ginearálta ar an Astráil)

Gobharnóir Ginearálta ar an Astráil ó 1974 go 1978 ab ea an Ridire John Kerr (24 Meán Fómhair 191424 Márta 1991).

Infotaula de personaSir
John Kerr

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Meán Fómhair 1914
Sydney, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Márta 1991
76 bliana d'aois
Sydney, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMacquarie Park Cemetery and Crematorium (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
18 Governor-General of Australia (en) Aistrigh
11 Iúil 1974 – 8 Nollaig 1977
← Paul HasluckZelman Cowen →
Lieutenant-Governor of New South Wales (en) Aistrigh
16 Bealtaine 1973 – 27 Bealtaine 1974
← Leslie Herron (en) AistrighLaurence Street →
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sydney Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, breitheamh, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaLucht Oibre na hAstráile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Céim mhíleatacoirnéal Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileAlison Kerr, An Bhantiarna Kerr (1938–1974)
Anne Kerr, An Bhantiarna Kerr (1975–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Discogs: 5444931 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Tar éis dó céim céad onóracha a bhaint amach ó Scoil Dlí Ollscoil Sydney, glaodh chun Bharra na Breataine Bige Theas Nua air sa bhliain 1938.[1]

I ndiaidh a sheirbhíse sa chogadh i faisnéis na hAstráile agus poist riaracháin iarchogaidh, chuaigh sé ar ais go dtí an Barra sa bhliain 1948. Níorbh fhada go raibh sé ar thús cadhnaíochta na ndlíodóirí a bhí ag obair sa stát i réimse an dlí thionsclaíoch.[2]

Cé go ndéanadh sé ionadaíocht do cheardchumainn agus go raibh sé ina bhall de Pháirtí Lucht Oibre na hAstráile i dtosach báire, bhí díomá ar Kerr go luath faoin bpolaitíocht pháirtí agus faoi threo Pháirtí Lucht Oibre na hAstráile go mór mór.

Glaodh chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1953 agus ceapadh ina bhreitheamh de Chúirt Tionscail an Chomhlathais é sa bhliain 1966. Ag an am céanna bhí sé ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach i gCríoch Príomhchathrach na hAstráile (1966-72), ina bhreitheamh de na Cúirteanna Fiosrúcháin Mara (1967-72), ina Leas-Uachtarán ar an mBinse um Chleachtais Trádála (1967-73) agus ina Chathaoirleach ar Choiste Athbhreithnithe Riaracháin an Chomhlathais (1968–72).

 
Armas agus bratach

Sa bhliain 1972 a d'éirigh sé as Cúirt Tionscail an Chomhlathais, chun a bheith ina Phríomh-Bhreitheamh na Breataine Bige Theas Nua, post a bhí aige go dtí gur ceapadh ina Ghobharnóir Ginearálta ar na Astráil é, sa bhliain 1974.

 

Conspóidí cuir in eagar

Is é an ghné is chonspóidí dá thréimhse ina Ghobharnóir Ginearálta gur chuir sé rialtas Pháirtí an Lucht Oibre faoi Gough Whitlam as oifig i mí na Samhna 1975. Chuir sé Malcolm Fraser, ceannaire an fhreasúra, ina áit, d'ainneoin go raibh muinín ag Teachfir na nIonadaithe as Whitlam fós.[2]

Ghníomhaigh Kerr mar sin toisc nach raibh rialtas Whitlam in ann a chuid bearta buiséid a chur tríd an Seanad. Cheap sé go raibh sé i dteideal, mar Ghobharnóir Ginearálta, Whitlam a chur as oifig toisc nach raibh an Phríomh-Aire in ann soláthar a fháil agus nárbh fhéidir éalú as an tsáinn bhunreachtúil ach trí Fraser a cheapadh.[2]

Is ábhar conspóide é sin i gcónaí agus cáineadh go mór (agus cáintear fós) an tslí ina ndearna Kerr Whitlam a dhífhostú (mar shampla, trí thuairim dlí phríobháideach a fháil maidir leis an gceist óna chara, an Príomh-Bhreitheamh An Ridire Garfield Barwick.)

Chaill Páirtí an Lucht Oibre an olltoghchán ina dhiaidh sin, nuair a bhí ollbhua ag Comhrialtas Liobrálach-Náisiúnach Fraser.

Ar scor cuir in eagar

Chuaigh Kerr ar scor go luath mar Ghobharnóir Ginearálta sa bhliain 1977 agus bhí an chuid eile dá shaol millte tríd is tríd de dheasca an cháinte láidir (agus an naimhdeais phearsanta) mar gheall ar a ndearna sé sa bhliain 1975. Mar shampla, chuir an cineál naimhdeais sin cosc ar an iarracht a rinneadh sa bhliain 1978 chun ambasadóir na hAstráile chuig EOECNA a dhéanamh de.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Archives naa.gov.au (2011). "John Kerr Factsheet". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-10. Dáta rochtana: 2021.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "John Kerr". Dáta rochtana: 2021.