Príomhchathair na Súdáine Theas in oirthuaisceart na hAfraice is ea Juba. Príomhchathair stát Equatoria Láir é Juba chomh maith. Tá Juba suite ar bhruach thiar na Níle i ndeisceart na tíre. Is é an chathair is mó sa tír agus 372,000 duine ina gcónaí ann (2011).
D'fhás an chathair as ionad trádála agus misean Críostaí a bunaíodh sa 19ú haois, agus go mórmhór as siopaí agus tithe na gceannaithe Gréagacha a sholáthraigh an t-arm Briotanach sna bólaí sin sa chéad leath den 20ú haois. D'fhág na Gréagaigh a rian ar ailtireacht na cathrach. Bhí daoine ón treibh Bari líonmhar ann freisin agus caidreamh maith acu leis na Gréagaigh. Níltear ró-shásta le Juba mar phríomhchathair, agus tá rialtas na tíre ag féachaint chun cathair phleanáilte a thógáil in áit níos oiriúnaí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |