Is éard atá i gceist le Kanteletar ná duanaire nó díolaim filíochta tíre a bhailigh Elias Lönnrot ar a chamchuairt in Oirthear na Fionlainne agus sa Chairéil. Is é teideal iomlán an leabhair ná Kanteletar, taikka Suomen Kansan Wanhoja Lauluja ja Wirsiä ("Kanteletar, nó: Amhráin agus Véarsaí Ársa de chuid Mhuintir na Fionlainne"). Is í an difríocht idir Kalevala agus Kanteletar gur laoithe eipiciúla atá in Kalevala agus baint acu leis an miotaseolaíocht Fhionlannach, nuair is dánta liriceacha nó stairiúla iad na dánta in Kanteletar. Tháinig an chéad leagan de Kanteletar i gcló sa bhliain 1840. Dhá bhliain roimhe sin, casadh an seanchaí mná Mateli Kuivalatar ar Lönnrot in Ilomantsi, agus fuair sé an chuid ba mhó d'ábhar na díolama uaithise.

WD Bosca Sonraí LeabharKanteletar

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1840
1841 Cuir in eagar ar Wikidata
EagarthóirElias Lönnrot Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánrafilíocht liriciúil Cuir in eagar ar Wikidata

Tá trí "leabhar", nó trí bhailiúchán, in Kanteletar. Sa chéad bhailiúchán atá na dánta ar a dtugann Lönnrot "na hamhráin choitianta". Tá an bailiúchán seo féin roinnte ina bhfo-bhailiúcháin éagsúla: na hamhráin uilechoitianta, amhráin an lucht bainise, amhráin na dtréadaithe agus amhráin na bpáistí. Sa dara "leabhar" atá na dánta líriciúla agus "na hamhráin speisialta", agus iad féinn roinnte de réir na gcineálacha daoine ónar breacadh síos iad: amhráin na gcailíní, amhráin na mban, amhráin na mbuachaillí agus amhráin na bhfear. Sa tríú leabhar atá dánta stairiúla, bailéid agus dánta a bhfuil eilimintí líriciúla agus eipiciúla iontu.

Fuair Lönnrot na dánta sa chéad dá "leabhar" san Fhionlainn. An t-ábhar atá sa tríú bailiúchán, áfach, tháinig an chuid is mó de as an gCairéil Rúiseach. Rinne Lönnrot leasuithe móra ar an tríú bailiúchán seo nuair a tháinig an tríú heagrán i gcló sa bhliain 1887. Na leaganacha de Kanteletar a fhoilsítear inniu, áfach, cloíonn siad leis an gcéad eagrán, cé go gcuirtear dornán dánta as an tríú heagrán leis an tríú "leabhar" mar aguisín.

Is é is brí le teideal an bhailiúcháin ná "Bean an Kantele" nó "Bean ag seinm ar an gKantele". Is é an kantele ceolionstraim náisiúnta na Fionlainne atá cosúil leis an lir.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar