Kneecap

banna ceoil Éireannach

Tríréad rapcheoil as Iarthar Bhéal Feirste is ea Kneecap; triúr óghfear atá sa ghrúpa – Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí. Baineann an grúpa feidhm as iarmhanaí gríosaitheacha an IRA mar chuid dá bhfeachtas poiblíochta.[1][2][3]

Bosca Sonraí EagraíochtaKneecap
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2017, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre2017 –
SeánraRapáil Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Suíomh gréasáinkneecap.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: kneecapceol Instagram: kneecap32 Youtube: UCR8_tdf_kr2tn01dFmRK6wQ TikTok: kneecapceol Bandcamp: kneecap Souncloud: user-89644332 Spotify: 1ZVACPeq7ccGCoUXwtafUU iTunes: 1330315811 Musicbrainz: 6ac275dd-eb37-42cf-9a60-6b147320c7be Songkick: 9759359 Deezer: 13860855 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceol cuir in eagar

D'eisigh Kneecap a gcéad singil, 'C.E.A.R.T.A',[4][5][6][7][8][9][10][11] sa bhliain 2017.[12] Lá amháin, an lá roimh mhórshiúl Acht na Gaeilge in 2017, bhí Móglaí Bap ag spraephéinteáil graifítí le cara dá chuid Scríobh a chara an focal 'Cearta' ar stad bus i mBéal Feirste. Ansin tháinig na póilíní agus gabhadh an cara. Dhiúltaigh sé Béarla a labhairt leo, agus chaith sé an oíche faoi ghlas sular tháinig aistritheoir. Tá an t-amhrán 'C.E.A.R.T.A.' bunaithe ar an eachtra sin."[13]

D'éirigh go han-mhaith leis an singil agus shocraigh Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próva leanúint ar aghaidh mar Kneecap.

Tháinig a gcéad albam amach sa bhliain 2023.[14]

Spreagadh cuir in eagar

Bhí Rónán Mac Aodha Bhuí ina spreagadh mór ag an mbanna. "Gan Rónán Mac Aodha Bhuí ní bheadh Kneecap ann inniu, ba é féin a thug ardán don oiread ceoltóirí, a thug guth daofa ar an raidió agus spreag gach sórt ceol. Chreid sé ariamh i gceol comhaimseartha na Gaeilge agus chuir sé achan phíosa fuinneamh a bhí aige isteach ann. Ba é Rónán a sheinn CEARTA ar RnaG don chéad uair ach ansin cuireadh cosc air agus fuair sin níos mó poiblíocht dúinn ná go dtiocfadh linn riamh a shamhlú, b’shin é, fear a thóg seansanna. Ba é Rónán a thug ár gcéad gig dúinn i dTeach Hiúdaí Beag, gig a chuir fíorthús le haistear ceol s'againn."[15]

Conspóidí cuir in eagar

Tarraingíonn Kneecap conspóid. Tháinig clú ar Kneecap don chéad uair in 2017 nuair a dúradh gur chuir RTÉ cosc ar an amhrán CEARTA.

Ainm an ghrúpa cuir in eagar

Is ionann Kneecap agus an briathar Béarla ar "lámhach sa ghlúin". Is dócha go bhfuil beagán imeartais focal i gceist freisin leis na focail Ghaeilge Ní cheapaim a bhí mar bhuafhocail in jóc coitianta. Sa jóc, a raibh leaganacha iomadúla de ann, tugadh mar fhreagra ar 'An gceapann tú go bhfuil sé sin san UVF?' an freagra débhríoch Ní cheapaim, nár léir uaidh arbh é Ní cheapaimKneecap him a bhí á rá.

Beirt bhall den IRA ag plé ceard is cóir a dhéanamh le ball den UVF. Iad ag labhairt Béarla is Gaeilge. Should we kneecap him? Ní cheapaim.[16]

Is tagairt é ainm an ghrúpa, nó "lámhach sa ghlúin", don nós brúidiúil a bhí ag an IRA ógánaigh ón bpobal náisiúnach a lámhach sna pláitíní glúine agus cithréim lena saol a fhágáil orthu. Pionós ainrianta a bhí ann a ghearrtaí ar dhaoine óga faoi iompar frithshóisialta nó faoi bhearta eile nár thaitin leis an IRA.[2]

Dearcadh frithbhunaíochta cuir in eagar

Tá dearcadh frithbhunaíochta orthu, ag plé le drugaí agus ag spochadh as na póilíní go minic. Is Poblachtaigh go smior iad[17] ach ag an am chéanna tá sé áitithe acu nach bhfuil aon teachtaireacht sheicteach ina gcuid ceoil.[18]

Úsáideann Kneecap an téarma RUC chun cur síos a dhéanamh ar an fhórsa póilíneachta reatha ó thuaidh, an PSNI nó an Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ).[12]

Chuir Kneecap a ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne in iúl trí bhratach a chrochadh ag ceolchoirmeacha.[19]

Scannán cuir in eagar

Rinneadh scannán in 2023, Kneecap, a léiríonn fás an bhanna.[20] Tá baill an bhanna iad féin, chomh maith le Michael Fassbender,[14] le feiceáil sa scannán, a bhfuil idir Ghaeilge agus Bhéarla ann.

I mí Eanáir 2024, reáchtáladh «première» an scannáin ag Féile Scannán Sundance 2024, an chéad scannán Gaeilge a taispeánadh ag an fhéile riamh. Bronnadh Duais 'Next' an Lucht Féachana ar an scannán ag Sundance.[21][22] Cheannaigh Sony Pictures Classics an scannán[23] agus beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud an domhain le linn 2024-2025 dá bharr.[24][25]

Príomhalt: Kneecap (scannán)

Dioscliosta cuir in eagar

Cnuastéip cuir in eagar

  • 3cag (2018)

Singlí cuir in eagar

  • C.E.A.R.T.A (2017)[11]
  • Amach Anocht (2018)
  • H.O.O.D (2018)[26]
  • Gael-Gigolos (2019)
  • Fenian Cunts (2019)
  • Get Your Brits Out (2019)
  • MAM (2020)[27]
  • Thart agus Thart (2021)
  • Guilty Conscience (2022)[28]
  • IT'S BEEN AGES (2023)
  • Better Way to Live (2023)

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. kneecap.ie/ (2024). "Merch / feachtas poiblíochta ar kneecap.ie" (ga-IE). Kneecap. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-01-23. Dáta rochtana: 2024-01-23.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-01-23). "'Mór an náire airgead poiblí a bheith caite ar Kneecap'" (as ga-IE). 
  3. Lucy O'Toole. "12 INTERVIEWS OF XMAS: KNEECAP on Controversies, Misconceptions, Mental Health and Generational Trauma". Hotpress. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  4. NÓS (2017-12-15). "Amhrán na hAoine" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2024-01-23.
  5. "A Short Glossary for the Irish Rap Song "C.E.A.R.T.A" by Kneecap (Rapcheol Gaeilge) [Cuid/Pt.1]". Irish Language Blog | Language and Culture of the Irish-Speaking World (2018-01-07). Dáta rochtana: 2024-01-23.
  6. "A Short Glossary for the Irish Rap Song "C.E.A.R.T.A" by Kneecap (Rapcheol Gaeilge) [Cuid/Pt.2]". Irish Language Blog | Language and Culture of the Irish-Speaking World (2018-01-11). Dáta rochtana: 2024-01-24.
  7. "A Short Glossary for the Irish Rap Song "C.E.A.R.T.A" by Kneecap (Rapcheol Gaeilge) [Cuid/Pt. 3]". Irish Language Blog | Language and Culture of the Irish-Speaking World (2018-01-15). Dáta rochtana: 2024-01-24.
  8. "A Short Glossary for the Irish Rap Song "C.E.A.R.T.A" by Kneecap (Rapcheol Gaeilge) [Cuid/Pt. 4]". Irish Language Blog | Language and Culture of the Irish-Speaking World (2018-01-19). Dáta rochtana: 2024-01-24.
  9. "A Short Glossary for the Irish Rap Song "C.E.A.R.T.A" by Kneecap (Rapcheol Gaeilge) [Cuid/Pt. 5]". Irish Language Blog | Language and Culture of the Irish-Speaking World (2018-01-23). Dáta rochtana: 2024-01-24.
  10. "A Short Glossary for the Irish Rap Song “C.E.A.R.T.A” by Kneecap (Rapcheol Gaeilge) [Cuid/Pt. 6/6]". Irish Language Blog | Language and Culture of the Irish-Speaking World (2018-01-26). Dáta rochtana: 2024-01-24.
  11. 11.0 11.1 "KNEECAP - C.E.A.R.T.A (Official Music Video)" (as ga-IE) . 
  12. 12.0 12.1 Foireann NÓS. "Amhrán na hAoine 'C.E.A.R.T.A.', le Kneecap". NÓS. Dáta rochtana: 2019-02-05.
  13. "Kneecap: 'Low-life scum' of west Belfast rap whose day has come" (en).
  14. 14.0 14.1 "Michael Fassbender le Gaeilge a labhairt i scannán nua" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  15. Méabh Ní Thuathaláin (16 Feabhra 2023). "‘An méid grá atá ag teacht chuige, tá sé go hiontach’ – airgead á bhailiú do chúnamh leighis do Rónán Mac Aodh Bhuí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-23.
  16. Gael GÁIRÍ ar Twitter (20154). "@GaelGÁIRÍ". Dáta rochtana: 2024.
  17. "Stupid questions Irish people are always asked, answered by KNEECAP - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2021-01-10.
  18. Conradh na Gaeilge, Londain (27 Eanáir 2024). "‎Nuacht Mhall: (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  19. "KNEECAP - 2019 RECAP".
  20. "Kneecap | movie | 2024 | Official Clip - video Dailymotion" (ga-IE). Dailymotion (2024-01-18). Dáta rochtana: 2024-01-27.
  21. "Gradam mór le rá buaite ag scannán na rapáliathe Gaelacha Kneecap ag féile Sundance" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-26). Dáta rochtana: 2024-01-27.
  22. Dúirt léiritheoir Kneecap, Trevor Birney, go gcuirtear na mílte scannán isteach ar Sundance agus nach roghnaítear le taispeáint ag an bhféile ach 60 ceann. “Agus as an 60 ceann sin, tá gradam mór le rá buaite againn – tá sé iontach,” arsa Birney. (Tuairisc.ie)
  23. NÓS (2024-01-19). "Scannán Kneecap ceannaithe ag Sony lena eisiúint ar fud an domhain" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  24. Nuacht RTÉ (2024-01-19). "An-ghlacadh le Kneecap ag Féile Scannán Sundance" (as ga-IE). 
  25. Chuir Scáileán Thuaisceart Éireann €450,00o ar fáil do KNEECAP agus fuair sé maoiniú €350,000 ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus €205,000 ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.
  26. Luke Sharkey (2019-04-17). "KNEECAP are maestro provocateurs in new video for 'H.O.O.D.'" (en-GB). Nialler9. Dáta rochtana: 2024-01-27.
  27. "KNEECAP X DYRT - MAM (Official Audio)" (as ga-IE) . 
  28. "KNEECAP - Guilty Conscience (Official Music Video)" (as ga-IE) .