Is ceann de na músaeim is mó agus is cáiliúla é an Kunstmuseum Den Haag san Ísiltír, suite sa Háig.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Kunstmuseum Den Haag

Íomhá
Sonraí
CineálDánlann
Foirgníocht29 Bealtaine 1866 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla29 Bealtaine 1935 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinAn Háig, An Ísiltír
SuíomhStadhouderslaan 41
Map
 52°05′22″N 4°16′50″E / 52.08939°N 4.28069°E / 52.08939; 4.28069
Le cuidEscher Museum (en) Aistrigh
Fotomuseum Den Haag (en) Aistrigh
KM21 (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Bunaitheoir(í)Hugo Ferdinand van Zuylen van Nijevelt (en) Aistrigh, Jean Zacharie Mazel (en) Aistrigh, David Jozef Bles, Louwrens Hanedoes, Carel Vosmaer, Henri Camp, Agnites Vrolik agus Hendrik Enno van Gelder
Cuairteoirí in aghaidh na bliana719,000 (2015)
Suíomh gréasáin oifigiúilkunstmuseum.nl
Twitter: kunstmuseumdh Instagram: gemeentemuseum Youtube: UCnnUt276Ni11JS-edeq0AzA Cuir in eagar ar Wikidata

Is fairsing an bailiúchán ealaíne atá sa Kuntsmuseum Den Haag. Tá an Kunstmuseum ar cheann de na músaeim is mó san Eoraip, agus tá os cionn 160,000 saothar ealaíne ann.[1]

Foirgneamh Art Deco is ea foirgneamh an Kunstmuseum, foirgneamh a dhear ailtire de chuid na hÍsiltíre, H.P. Berlage.

Piet Mondrian - Mühle bei Domburg, 1908 - Kunstmuseum Den Haag

Bailiúchán Piet Mondrian cuir in eagar

Piet Mondrian - Rasterkomposition 8. 1919

Is sa Kunstmuseum atá an bailiúchán is suntasaí de shaothar an ealaíontóra Piet Mondrian, ealaíontóir mór le rá de chuid na hÍsiltíre. Bíonn bailiúchán ealaíne Piet Mondrian ar taispeáint mar chuid den taispeántas leanúnach ‘Mondrian & De Stijl’.[2]

Tá nach mór 300 saothar ealaíne de chuid Mondrian sa mhúsaem. Tá léiriú iomlán ar fhorbairt ealaíne Mondrian, na radharcanna tíre a phéinteáil sé in Amstardam agus Domburg, an ealaín bhun-teibíochta a d’fhorbair sé i bPáras agus in Laren, agus an saothar a tháinig chun cinn i Nua-Eabhrac, an chathair a raibh sé ag cur faoi ann agus an sárshaothar ealaíne deireanach dá chuid, ‘Victory Boogie Woogie’ á dhéanamh aige.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Oisín Uíbh Eachach (2023-11-29). "An píosa ealaíne a crochadh bunoscionn le 75 bliana" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-01.
  2. "Mondrian & De Stijl" (en). Kunstmuseum Den Haag (2016-11-16). Dáta rochtana: 2023-12-01.