Kuopio
Is í Kuopio an chathair is mó in Oirthear na Fionlainne. Bhí cónaí ar breis is 90,000 duine ansin sa bhliain 2008. Tá lár na cathrach timpeallaithe ag Loch Kallavesi, agus a lán botháin saoire sa chathair, toisc go bhfuil cuid mhór trá agus cladaí ansin. Tá Kuopio suite i gCúige na Fionlainne Thoir, arb í Mikkeli a phríomhchathair, cé nach bhfuil sí ach leath chomh mór le Kuopio ó thaobh an daonra de.
Kuopio | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) | Regional State Administrative Agency for Eastern Finland (en) | ||||
Réigiún de chuid na Fionlainne | An tSabhóin Thuaidh | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 124,131 (2024) | ||||
• Dlús | 38.29 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Kuopio sub-region (en) | ||||
Achar dromchla | 3,241.74 km² | ||||
Airde | 82 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Vehmersalmi, Karttula, Nilsiä, Maaninka, Juankoski, Kuopion maalaiskunta agus Riistavesi | ||||
Cruthú | 1653 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Kuopio City Council (en) | ||||
• Ceannaire an rialtais | Jarmo Pirhonen (2018–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 70101–70840 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | kuopio.fi | ||||
Tógadh an chéad eaglais in Kuopio sa séú haois déag, agus an t-áitreabh ag fás aníos ina timpeall. Bhronn an Gobharnóir Peadar Brahe cairt na cathrach ar Kuopio an chéad uair sa bhliain 1653, ach tháinig meath ar an áit ina dhiaidh sin. Fuair Kuopio cairt nua sa bhliain 1775 ó Ghustaf a Trí, Rí na Sualainne. Tháinig an-fhorbairt ar Kuopio de réir is mar a bhí na bealaí tráchta ag dul chun feabhais: gearradh canáil Taipale in aice le Varkaus sa bhliain 1840, agus hosclaíodh canáil Saimaa sa bhliain 1856. Tháinig an t-iarnród a fhad le Kuopio sa bhliain 1889. Bunaíodh na chéad mhonarchana in Kuopio sa naoú haois déag.
Tháinig Ollscoil Kuopio ar an bhfód mar choláiste acadúil sna 1970idí, agus fuair sé ainm na hollscoile sa bhliain 1984.
Is é Cnoc Puijo is mó a tharraingíonn turasóirí go dtí an chathair, agus túr ard craolacháin tógtha sa mhullach ar an gcnoc. Tá bialann á reáchtáil thuas sa túr freisin, agus í ag dul timpeall, ionas gur féidir leis na cuairteoirí lán a súl a bhaint as na lochanna agus na hoileáin máguaird. Tógadh an túr sa bhliain 1963, ach roimhe sin, bhí dhá thúr ní b'ísle ar an gcnoc.
Is é an rud is mó a shamhlaíonn muintir na Fionlainne le Kuopio ná canúint Oirthear na Fionlainne. Canúint í a bhfuil blas na tuaithe uirthi, agus is díol iontais dá lán a thagann go Kuopio go bhfuil an chanúint le cloisteáil go nádúrtha sa chathair.
Tá clú agus cáil ar mhargadh na cathrach freisin, áit a bhfuil bia an Oirthir le ceannach, go háirithe an kalakukko, nó builín aráin a bhfuil muiceoil agus iasc bácáilte istigh ann. Is é an cineál éisc is minicí a úsáidtear ná an pollán, arb é an cineál éisc is mó a mharaítear i gceantar na lochanna in oirthear na Fionlainne.