Peadar Brahe

uasal Sualannach

Státaire agus fear míleata ón tSualainn a bhí i bPeadar Óg Brahe (rugadh é i gCaisleán Rydboholm i Rydbo, inniu: Österåker, ar an 18 Feabhra 1602, agus shíothlaigh sé ar an 2 Meán Fómhair 1680 i gCaisleán Bogesund i Vaxholm),[1] Sualainnis: Per Brahe, Fionlainnis: Pietari Brahe, agus é ina Ghobharnóir Ginearálta ar an bhFionlainn sa tseachtú haois déag. Tá clú agus cáil ar Brahe san Fhionlainn inniu féin toisc go ndearna sé an-fhorbairt ar shaol agus ar shochaí na tíre lena lá. Is é an duine is óige den dá Pheadar Brahe a aithnítear i stair na Sualainne, nó bhí an t-ainm céanna ar a athair mór, sean-Pheadar Brahe, ina chomhairleoir pearsanta ag an Rí Gustaf Wasa. Maidir le Peadar Óg, bhí seisean mór leis an rí Gustaf II Adolph.

Peadar Brahe
Artikel 17.jpg
regiment commander (en) Aistrigh

Iúil 27, 1628 - Meán Fómhair 18, 1631
Lord Marshal (Sweden) (en) Aistrigh

Meitheamh 12, 1629 - Meitheamh 30, 1629
Governor-General of Finland (en) Aistrigh

Deireadh Fómhair 27, 1637 - 1640
President of Svea Court of Appeal (en) Aistrigh

1641 - 1661
Gabriel Gustafsson Oxenstierna - Seved Bååth
Lord High Steward of Sweden (en) Aistrigh

1641 - 1680
Gabriel Gustafsson Oxenstierna - Magnus Gabriel De la Gardie
Governor-General of Finland (en) Aistrigh

Aibreán 29, 1648 - Eanáir 14, 1654
Saol
Eolas breitheRydboholm Castle (en) Aistrigh, 18 Feabhra 1602
NáisiúntachtAn tSualainn
BásBogesund Castle (en) Aistrigh, 12 Meán Fómhair 1680
Muintir
AthairAbraham Pedersson Brahe
Céile/CéilíChristina Catharina Stenbock (en) Aistrigh  (Aibreán 14, 1628 -
Beata De la Gardie  (1653 -  1680)
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
TreibhBrahe (en) Aistrigh
Oideachas
TeangachaAn tSualainnis
Gairm
Gairmpolaiteoir, taidhleoir agus saighdiúir
Seirbhís mhíleata
Céimcoirnéal
Throid sé/sí agDano-Swedish War (en) Aistrigh

SaolCuir in Eagar

 
Per Brahe

Bhí Brahe ina Ghobharnóir ar an bhFionlainn sna blianta 1637-1640 agus arís sna blianta 1648-1654. Chuir sé cuma nua ar an gcóras riaracháin agus bhunaigh sé an chéad seirbhís phoist. Thairis sin, chuir sé tús le sraith de chathracha nua, ar nós Raahe, Pietarsaari, Kajaani, Hämeenlinna, Lappeenranta agus Savonlinna. Tá an chathair úd Raahe ainmnithe as Peadar Brahe, nó is é Brahestad - "Cathair Brahe" - ainm na háite as Sualainnis. Ní raibh na Fionlannaigh ábalta an consan coimhthíoch sin B a fhuaimniú i gceart, agus rinneadh Raahe de Brahe ina mbéal-san.

 
Dealbh cuimhneacháin i dTúrcú.

Ar ordú an Ghobharnóra Brahe, hathraíodh cathair Heilsincí go háit nua a bhí ní b'fheiliúnaí do chuan trádála. Inniu, tugtar Vanhankaupunginlahti - "Bá na Seanchathrach" - ar an áit a raibh lár na cathrach roimh chinneadh Brahe.

Chuir Brahe feabhas ar an gcóras oideachais chomh maith. Sa bhliain 1640, faoin am céanna a d'athbhunaigh sé Heilsincí, bhunaigh sé scoil ardoideachais i dTúrcú - Acadamh Ríoga Thúrcú - agus chuaigh sé féin i gceannas ar an acadamh ina Sheansailéir. Síol d'Ollscoil Heilsincí a bhí ann, nó nuair a chuaigh cathair Thúrcú trí thine sa bhliain 1827, haistríodh an tAcadamh go Heilsincí.

 
Peter Brahe, ... sa Rijksmuseum inniu

Bhí Brahe ina Chúnta ar Visingsö, an t-oileán is mó i Loch Vättern sa tSualainn. Mar sin, is gnách "an Cunta" a thabhairt air san Fhionlainn. Deirtear kreivin aikaan - "in am an Chúnta" - i bhFionlainnis an lae inniu féin, sa chiall "san am ceart", ach ar dtús, ba tagairt é seo don tréimhse a chaith an Cunta Brahe ina Ghobharnóir ar an bhFionlainn.

Inniu, tá dealbh chuimhneacháin don Chúnta le feiceáil i dTúrcú, agus na focail seo greanta ar dhúshraith na deilbhe: Iagh war med landett och landett med mig wääl tillfreds - de réir litriú nua-aimseartha na Sualainnise: Jag var med landet och landet med mig väl tillfreds, a chiallaíonn "Mise agus an tír seo, bhí muid breá sásta le chéile."

TagairtíCuir in Eagar

  1. The Encyclopaedia Britannica: A Dictionary of Arts, Sciences, Literature and General Information - 11ú eagráin