Lá Fhéile Muire na gCoinneal
Is comóradh é Lá Fhéile Muire na gCoinneal ar an Toirbheart sa Teampall, An Taispeáint nó Nochtadh Chríost do na gintlithe, agus ar Íonghlanadh Mhuire, nó Ionghlanadh na Maighdine Beannaithe Muire (Malachi 3,1-4. / Lúcás 2,22-32).[1][2][3] Tugtar "Candlemas" ar an fhéile i mBéarla, Chandeleur sa Fhrainc, Candelaria sa Spáinn srl.
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Candlemas |
---|---|
Cineál | lá saoire lá féile Críostaí saoire phoiblí |
Comóireann sé | Toirbhirt an Linbh Íosa sa Teampall |
Cuid de | Mórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí |
Lá | 2 Feabhra 15 Feabhra (Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise) |
Oidhreacht chultúrtha | |
National Inventory of Intangible Cultural Heritage in France (en) | |
Ceiliúrtar an fhéile ar 2 Feabhra gach bliain san Eaglais Chaitliceach.
Stair
cuir in eagarGhlac an Eaglais i dtús a ré leis an Fhéile Rómhánach agus rinne an Pápa Gelasius I Féile Mhuire na gCoinneal di in 494 AD; ceiliúrtar ar an dara lá den mhí í, daichead lá i ndiaidh Fhéile na Nollag.[4]
An Soiscéal
cuir in eagarD’fhás an leanbh, é lán d’eagna (Lúcás 2:22-40). Cuireann an sliocht seo síos ar íonghlanadh Mhuire agus ofráil an linbh Íosa sa Teampall.
Leagann Lúcás béim ar cé chomh tugtha is sa bhí Muire agus Iósaef ar Dhlí an Tiarna, Dlí Maois, a chomhlíonadh. Luann sé faoi dhó é, ag dul chun an Teampaill dóibh agus ag deireadh ag filleadh dóibh “nuair a bhí gach ní curtha i gcrích de réir dhlí an Tiarna”. Maidir le breith linbh agus breith chéadghin fireannigh, bhí rialacha i ndlí Maois. Maidir le híonghlanadh, is í an mháthair amháin atá i gceist agus is uan a bheadh le hofráil aici, agus dá mba raibh sí ró-bhoch le uan a ofráil, ansin péire colm nó dhá ghearrcach colúr. Bheadh an t-íonghlanadh le déanamh dachad lá tar éis bhreith an linbh. Maidir le ofrail chéadghin fhirinnigh, bheadh an leanbh sin le hofráil don Tiarna agus le “fuascailt”, ach ní luaitear aon am beacht chuige sin. D’fhéadfaí sin a cheangal leis an íonghlanadh, ar ndóigh, go háirithe ag daoine a raibh orthu turas fada a thabhairt orthu féin teacht go hIarúsailéim agus an Teampall. Labhraíonn Lúcás i slí ghinearálta anseo sa réamhrá seo do thoirbirt an linbh sa Teampall. Labhraíonn sé faoi thuismitheoirí Íosa, bíodh go bhfuil ráite aige cheana gur maighdean Muire, nach raibh aithne fir aici. Tá Iarúsailéim agus an Teampall lárnach dá bhfuil le rá ag Lúcás, agus tá an Teampall anois le fianaise a thabhairt d’Íosa.[5]
Piseoga
cuir in eagar- Nuair a bhí Muire ag tabhairt an pháiste chuig an Teampall, bhí imní uirthi mar gur cheap sí go mbeadh slua mór ansin roimhe. Thairg Naomh Bríd aird an tslua a thógáil den leanbh trí cheannbheart a chur uirthi féin a raibh coinnle lasta air. D’ordaigh Muire ansin go mbeadh Lá Fhéile Bríde ann an lá roimh Lá Fhéile Muire na gCoinneal.[6]
- duchas.ieː "Is gnáthach le gach teaghlach coinnle a fhágáil i dtig an phobail an lá seo le n-a bhfághail coisrioctha ag an aifrionn...".[7] "Titeann Lá Fhéile Bríde roimh Lá Fhéile Muire na gCoinneal mar ins an am sin bhí sé déanta de dhlí ag an eaglais na mná a bheadh le coisreacan cliath choinnle a iompar ar a gceann lasta isteach i láthair an phobail. Bhí náire ar an Mhaighdean Ghlórmhar a n-iompar. Ach d'iompair Naomh Bríd ar a ceann féin iad leis an náire a thógáil di. Sin é an fáth go dtigeann Lá Fhéile Bríde roimh La Fhéile Muire na gCoinneal".[8]
Seanfhocail
cuir in eagar- Má tá Lá Fhéile Muire na gCoinneal go breá, tá dhá gheimhreadh sa mbliain.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Lúcás 2 | ABN Bible | YouVersion" (as en) .
- ↑ "CM Lúchaireach Lúchaireach 4 Toirbheart an Linbh Íosa" (as en) .
- ↑ gleannghaibhle (2013-01-30). "An Choróinn Mhuire 1" (en). Cork Irish. Dáta rochtana: 2022-02-02.
- ↑ Scéal na Feabhra, le Gerry Oates, An tUltach 88 (2), lch 16-17
- ↑ "Machnamh ar Léachtaí an Aifrinn, 31 Nollaig 2017 | Baile | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-01. Dáta rochtana: 2021-02-02.
- ↑ Seosamh Ó Cuaig (2021). "Is mór an sólás go bhfuil na bláthanna ag bíogadh agus na héin ag cantain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-02.
- ↑ "Gort an Choirce | The Schools’ Collection" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-02-02.
- ↑ Séamas Ó Catháin agus Caitlín Uí Sheighin a chur in eagar. "ón leabhar 'Le Gradam is Le Spraoi'". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.