Lámhach Las Vegas
Tharla ollsléacht i Las Vegas oíche Dé Domhnaigh ar an 1 Deireadh Fómhair 2017.
Bhí 58 duine maraithe agus breis is 500 duine gortaithe ag fear a scaoil urchair ag coirm cheoil tíre[1], an fhéile bhliantúil Route 91 Harvest.
Thosaigh an scaoileadh ag 10:08 p.m agus mhair na meaisínghunnaí níos mó ná deich nóiméad. Bhí fear ag scaoileadh leis an slua ón 32ú urlár d’óstán Mandalay Oriental.
Shroich na poilíní an urlár ag 10:25 p.m agus stop an scaoileadh. Ag 11:21 p.m, chuir Stephen Paddock, an té a rinne an sléacht, fear 64 bliain d'aois, lámh ina bhás féin. Ba de bhunús na háite é, agus ní raibh éinne bainteach leis an ionsaí ach é.
Féach freisinCuir in Eagar
- Ollsléacht i Florida i 2016ː: Mharaigh fear a raibh gunna aige 49 duine i gclub oíche.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-10-02). "Ollsléacht i Las Vegas ag fear aonair gunna" (in ga).
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |