Larry Gogan

craoltóir Éireannach

Craoltóir Éireannach de chuid RTÉ ab ea Lorcan 'Larry' Gogan (3 Bealtaine 1934 – 7 Eanáir 2020). Láithreoir raidió agus teilifíse as Teach Mealóg i mBaile Átha Cliath a bhí ann. Thosaigh Gogan amach in 1961 ar Raidió Éireann. Níos déanaí, bhí sé mar chuid de chéad fhoireann 2FM, agus chríochnaigh sé ar an raidió digiteach (RTÉ Gold) i ndeireadh na bliana 2019..[1] Tugadh ‘fear an ghlóir bhinn’ air.agus 'guth den phopraidió' in Éirinn.[2][3]

Infotaula de personaLarry Gogan
Beathaisnéis
Breith3 Bealtaine 1934
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Eanáir 2020
85 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse, pearsa raidió Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRaidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm2442930 Discogs: 5081071 Cuir in eagar ar Wikidata

Gairm cuir in eagar

Chuir sé barr feabhais ar a cheird trí bheith ag éisteacht le Radio Luxemburg agus ag déanamh staidéar ar stíl na láithreoirí. Seo é an t-aon deis a bhíodh ag daoine in Éirinn sna 1950í éisteacht le racanról.[4]

Le linn dó a bheith ina dhioscmharcach le RTÉ, agus go háirithe ag obair ar RTÉ 2Fm, chuir Gogan i láthair clár raidió ina raibh meascán tarraingteach de shingil a bhain na cairteacha amach, ceol as Éirinn agus ceol as na seanchairteacha.  Agus é ag obair ar an bpopraidió bhí Gogan ag baint amach sprioc a chuir sé roimhe agus é fós ina pháiste – éisteacht le ceol, é a sheinm agus é a chur ar fáil do phobal mór raidió. Is é an mana a bhí aige ná ‘más aoibhinn leat do chuid oibre ní dhéanfaidh tú lá oibre le do shaol.’

De réir mar a bhí na blianta ag dul thart is ea is mó dul chun cinn a rinne sé ó thaobh a ghairme agus an tóir a bhí air ag an bpobal, de bharr na scileanna craoltóireachta a tháinig ón gcroí, a ghuth lách agus a eolasaí agus a bhí sé ar chúrsaí ceoil. Ó thaobh an cheoil de bhí Gogan i gcónaí ábhartha  agus bailí.[4][5][3]

Thug sé an-tacaíocht do cheol agus do ceoltóirí nua na hÉireann ó Bhob Geldof go Brendan Shine agus gach rud idir eatarthu.

Just a Minute cuir in eagar

Bhí Gogan i mbun, Just a Minute, tráth na gceist. a bhain amach stádas  cultais, go háirithe de bharr na bhfreagraí aisteacha a thugadh na hiomaitheoirí go minic, ar nós go raibh an Taj Mahal trasna ón Ospidéal Fiaclóireachta nó gur i gCromghlinn a bhí Balla Mór na Síne. Ligfeadh Gogan an créatúr chun bealaigh, go minic leis an mana sólásach sin a bhíodh aige: “they didn’t suit you today”.[4]

Bás agus oidhreacht cuir in eagar

An lá deiridh a raibh sé ag obair ar 2FM, athraíodh ainm an stáisiúin go dtí Larry Gogan FM don lá mar aitheantas ar a chuid oibre.[6]

Bhásaigh Gogan in 2020 ag 85 bliain d’aois tar éis gairm raidió a mhair beagnach 70 bliain. Bhásaigh bean chéile Larry - Florrie - sa bhliain 2002. Maireann a gcúigear clainne - Gerard, Orla, Gráinne, David agus Sinéad (fuair Florrie bás sa bhliain 2002).[6]

Gairm bheatha thar a bheith suntasach a bhí aige, ar an raidió agus ar an teilifís araon. Bhí aithne rímhaith ag lucht éisteachta agus lucht féachana ar fud na tíre air mar gheall ar a dhíograis thógálach agus a ghnaíúlacht.[4]

Bronnadh Gradam Hall of Fame IMRO air.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An chroí imithe Ronan Collins machnamh ar bhás Larry Gogan" (ga-IE) (2022-12-22). Dáta rochtana: 2022-12-22.
  2. "Larry Gogan – The Golden Voice of Irish Radio – Ireland's Own". www.irelandsown.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-22. Dáta rochtana: 2022-12-22.
  3. 3.0 3.1 Liam De Brun (2022-12-22). "An chroí imithe Ronan Collins machnamh ar bhás Larry Gogan" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-12-22.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 RTÉ Presspack (2020). "CLOCH LE CARN – LARRY GOGAN |". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-12-22.
  5. Nuacht RTE (2020-01-10). "Craoltóir RTÉ Larry Gogan adhlactha inniu" (as ga-IE). 
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2020-01-07). "Craoltóir aitheanta RTÉ Larry Gogan tar éis bháis" (as ga).