Gerry Ryan

craoltóir Éireannach

Ba chraoltóir raidió agus teilifíse Éireannach é Gerard "Gerry" Ryan (4 Meitheamh 195630 Aibreán 2010).[1] Bhí sé ar dhuine de na craoltóirí ba rathúla agus ba chonspóidí in Éirinn agus ba é The Gerry Ryan Show ar RTÉ 2fm an clár ba mhó a thuill clú dó. Bhíodh sé le cloisteáil gach maidin ar an gclár sin ó Luan go hAoine idir a naoi a chlog ar maidin agus meán lae, ó 1988 go lá a bháis. Fuarthas a chorp ina árasán ar Shráid Líosain Uachtarach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2010. Fuarthas amach níos déanaí gur dócha go raibh baint ag alcól agus cócaon lena bhás.

Infotaula de personaGerry Ryan

(2010) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Meitheamh 1956
Cluain Tarbh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Aibreán 2010
53 bliana d'aois
Sráid Líosain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisRódháileog
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Coláiste Naomh Pól Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse, pearsa raidió Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1979 –
Teaghlach
CéileMorah Brennan (1982–2008) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMelanie Verwoerd Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLottie Ryan
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0752559 Cuir in eagar ar Wikidata

D'fhás Gerry Ryan aníos i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath. Bhí a athair ina fhiaclóir agus a mháthair páirteach i gcúrsaí drámaíochta sa chathair. Bhain sé céim dlí amach ó Choláiste na Tríonóide sula ndeachaigh sé le craoltóireacht mar ghairm bheatha.

Gairm bheatha

cuir in eagar
 
Gerry Ryan agus Melanie Verwoerd, 2010

Chuir sé tús lena ghairmréim mar láithreoir raidió sa chraoltóireacht raidió bhradach agus d'éirigh leis post gairmiúil a fháil in RTÉ nuair a bunaíodh stáisiún raidió nua darb ainm Radio 2 (RTÉ 2fm sa lá atá inniu ann) sa bhliain 1979. Chaith sé cuid mhaith de na hochtóidí mar láithreoir oíche sa stáisiún go dtí gur éirigh leis clár príomh-ama a bhaint amach dó féin idir a naoi a chlog ar maidin agus meán lae.

Clár é seo a bhí dírithe ar chaint agus ar phlé seachas ceol agus chuaigh sé i mbun an chúraim sin go díograiseach. Bhain sé cáil amach mar láithreoir conspóideach nach gcuirfeadh aon fhiacail ann sa phlé a spreagadh sé ar an gclár agus níor loic sé roimh thabhairt faoi ábhair mhóra cainte na linne sin.

Samhlaítear é le cuid mhaith den athrú sóisialta a bhí ar siúl in Éirinn san am sin agus é lánsásta an t-athrú sin a úsáid mar ábhar iomarbhá. Bhí an clár seo ar cheann de na cláir raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn go lá a bháis.

Chuir Gerry Ryan glaoch ar a fhostóirí in RTÉ oíche Dhéardaoin 29 Aibreán 2010, le rá go raibh sé in ísle brí agus nach mbeadh sé in ann a chlár raidió a chur i láthair an lá dár gcionn. Fuarthas Fiona Looney, iriseoir, chun an dualgas sin a chur i gcrích ar a shon.

 
Melanie Verwoerd, 2010

D'éirigh Melanie Verwoerd, a pháirtí, buartha nuair a chuala sí nach mbeadh an clár á chur i láthair aige agus toisc nach raibh a fhón á fhreagairt aige ach an oiread. Thug sí cuairt ar a árasán agus nuair nár éirigh léi tabhairt air an doras a oscailt, fuair sé cúnamh ó oibrí tógála chun an doras a bhriseadh isteach. Fuarthas corp Uí Riain ina sheomra codlata thart ar 12.30in agus é ina luí ar an urlár in aice lena leapa. Dearbhaíodh é a bheith marbh ar an láthair. Ceaptar go raibh taom croí mar thrúig bháis.