Is géineas de phlandaí bláthanna é Lavandula ar a dtugtar labhandarlus liath go coitianta. Tá 47 speiceas sa ghéineas, dúchasach don Sean-Domhan. Tá siad le fáil i Rinn Verde agus na hOileáin Chanáracha, agus ón Eoraip go dtuaisceart agus oirthear na hAfraice, an Mheánmhuir, iardheisceart na hÁise, agus an India.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLavandula Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineLamiaceae
FofhineNepetoideae
GéineasLavandula Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Saothraítear go leor speiceas mar phlandaí ornáideacha in aeráidí measartha, mar luibheanna cócaireachta, agus ar bhonn tráchtála chun blátholaí a eastóscadh.[2] Úsáidtear labhandar sa leigheas traidisiúnta agus mar chomhábhar i gcosmaidí.

Is minic gurb é an speiceas coitianta Lavandula angustifolia atá i gceist nuair a úsáidtear an téarma lom “lus liath” nó “labhandar” i nGaeilge.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Forney, Julie Martens (n.d.). “Outdoor flowering plants – mona lavender”. HGTV. Dáta rochtana: 19 Deireadh Fómhair 2018.
  2. Plectranthus Mona lavender”. Plant Finder. Missouri Botanical Garden. Dáta rochtana: 19 Deireadh Fómhair 2018.