Leabhar Soiscéalach póca Éireannach de chuid na 8ú haoise is ea Leabhar Dhioma (Leabhar Dimma, Coláiste na Tríonóide, MS.A.IV.23), ó dhúchas as Mainistir Ros Cré, bunaithe ag Crónán Ros Cré. I dteannta le Soiscéil Lúcáis agus Eoin, tá ann ord Ola Déanaí agus Comaoineach na hEaslán. Ó thaobh dhathmhaisithe de atá fós ar marthain tá roinnt túslitreacha daite, trí leathanach le portráidí Soiscéalaí, agus leathanach amháin le siombail soiscéalaí. I measc a leithéide i n-ealaín na nOileán, tá Leabhar Aifrinn Lothra agus Leabhar Mo Ling.[1]

WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Dhioma

Cuir in eagar ar Wikidata
CineálLeabhar Soiscéal agus lámhscríbhinn dhathmhaisithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Laidin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh750 ↔ 800
Bunábharpár Cuir in eagar ar Wikidata

Scríobhadh an téacs seachas soiscéal Eoin le script reatha, agus Eoin féin ag scríobhaí éagsúil le mionscript néata.[2] Cuireadh an síniú Dimma Mac Nathi ag deireadh gach soiscéil. Tá an Dioma seo aitheanta de réir sean-nóis le heaspag a rinneadh níos déanaí Easpag Choinnire de, luaite le Pápa Eoin IV i litir ar Phealagachas sa bhliain 640. Ní féidir an aitheantas séú a chinntiú, áfach.

Eoin Soiscéalaí
Matha Soiscéalaí

Seanscéal cuir in eagar

 
Cumhdach Leabhar Dhimoa, macasamhlú de chuid na 20ú haoise

Dar le seanscéal, d'iarr Naomh Crónán ar bráthair darbh ainm Dioma, an leabhar a chóipeáil laistigh d'aon lá. Thosaigh Dioma an obair agus lean sé air féin gan stopadh le haghaidh béilí. Agus é ag obair, ní dheachaigh an ghrian faoi. Nuair a bhí an obair críochnaithe aige, cheap Dioma nach raibh ach lá amháin caite, ach i ndáiríre bhí daichead. Tá an feart seo luaite le Crónán.

Cumhdach cuir in eagar

Sa 12ú haois, cuireadh cumhdach saibhir leis an lámhscríbhinn, atá fós leis an leabhar i gColáiste na Tríonóide. Ar taobh amháin, feictear gréasoscail i stíl Ringerike na Lochlannach.

Rinneadh macasamhlú maith den bhliain 1908 sa Mhúsaem Ealaíne Meitreapholaiteach i Nua-Eabhrac. Cé nach bhfuil sé ar thaispeáint anois, tá pictiúirí de le fáil ar líne.[3]

Stair cuir in eagar

Níos deireanaí, bhí an leabhar i seilbh William Meagher, sagart i Ros Cré, agus ansin a sliochtaigh Philip Meagher, sagart san Aonach. Thug Meagher ar iasacht é don Dr Thomas Harrison, a dhíol é gan cead permission le Henry Monck Mason, leabharlannaí ag Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath, am éigin roimh na bliana 1816. Cheannaigh Sir William Betham an leabhar roimh an mbliain 1826 agus rinne seisean iarracht éa dhíol ar ceant ar an 4ú Iúil 1830. Sa deireadh, thug sé an lámhscríbhinn do Choláiste na Tríonóide ar an 29ú Márta 1836.

Foinsí cuir in eagar

  • Moss, Rachel. Medieval c. 400—c. 1600: Art and Architecture of Ireland. New Haven, CT: Yale University Press, 2014. ISBN 978-03-001-7919-4
  • —. The Book of Durrow. Baile Átha Cliath, Leabharlann Choláiste na Tríonóide; Thames and Hudson, 2018. ISBN 978-0-5002-9460-4
  • O'Neill, Timothy. The Irish Hand: Scribes and Their Manuscripts From the Earliest Times. Corcaigh: Cork University Press, 2014. ISBN 978-1-7820-5092-6

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. O'Neill (2014), lch. 228
  2. Hughes, Kathleen, The Church in Early Irish Society, lch. 294, 1966, Taylor & Francis/Cornell UP
  3. Macasamhlú den Chumhdach, The Met, Nua-Eabhrac