Rinneadh Ealaín na nOileán sa Bhreatain agus i nÉirinn le linn na ré iarRómhánaí. Dar le staraithe ealaíne, is cuid í d'ealaín Imirce na dTreabh chomh maith le healaín luath-mheánaoiseach iartharach. Is é an meascán den dá níos seo a thugann don ealaín a saintréith speisialta.[1][2][3]

Fóilió 292r as Leabhar Cheanannais, tús le Soiscéal Eoin maisithe go galánta.

Is de thoradh an ghluaiseacht mainistreach Éireannach den Chríostaíocht Cheilteach í ealaín na nOileán, é sin nó miotalóireacht don scothaicme saolta. Tosaíonn an ré timpeall na bliana 600 le meascán Ceilteacha agus Angla-Shacsanacha. Feictear roinnt seodra, go formhór Éireannach, a théann siar go dtí na 500í.[4] The earliest Pictish stones may date from the fifth century however.[5]

Dáiví as an Durham Cassiodorus, luath-8ú haois, Jarrow[6]

Tháinig buaicphointe na stíle, ó thaobh maisithe de, chun críche le teacht na Lochlannach san 8ú haois. Glactar gur chuir na ruathair isteach ar Leabhar Cheanannais.[7][8] I Sasana, chumaisc an stíl le healaín Angla-Sacsanach timpeall na bliana 900, agus i nÉirinn le healaín Rómhánúil sa 12ú haois.[9]

Add na samplaí den ealaín atá fós ar marthain, tá ann go formhór lámhscríbhinní dathmhaisithe, obair mhiotail agus snoiteán cloiche, go háirithe Ardchrosa. Feictear are patrúin mjionsaothraithe ach gan aon léaráid doimhneachta nó toirte. Is saintréith é crosfhí, rud a fheictear ach go háirithe ag Sutton Hoo in East Anglia.[10] Is é saintréith eile ná leathanaigh cairpéid, cé gur coiteann iad fosta turasóireachta (aireagán na nOileán), táblaí canóna agus mionfhíoracha, go háirithe portráidí na Soiscéalaithe.

Is iad Éire, an Alba agus ríocht Northumbria más hionadaí is tábhachtaí, ach feictear samplaí gcósta i ndeisceart Shasana, sa Bhreatain Bheag[11][12] agus ar an mór-roinn, go háirithe sa Ghall. I measc na samplaí is fearr, tá Leabhar Dharú, Leabhar Cheanannais, Soiscéil Lindisfarne, dealga amhail is Dealg na Teamhrach, agus an Ruthwell Cross.

Tá tionchar Ealaín na nOileán le feiceáil i ngach stíl ealaín eile na hEorpach a tháinig ina diaidh, go háirithe na gnéithe maisitheacha i lámhscríbhinní Rómhánúla agus Gotacha.[13]

  1. Honour & Fleming, ll. 244–247
  2. Pächt, ll. 65–66
  3. Walies & Zoll, ll. 27–30
  4. Youngs, ll. 20–22.
  5. Laing, ll. 55–56.
  6. Nordenfalk, ll. 29, 86–87
  7. Dodwell (1993), ll. 85, 90
  8. Wilson, lch. 141
  9. Ryan
  10. Wilson, ll. 16–27.
  11. Mar shampla, Ricemarch Psalter, Hereford Gospels (féach Grove Art Online, S2)
  12. Leabhar Dhéir den 10ú haois, an lámhscríbhinn is luaite le Gaeilge na hAlban
  13. Henderson, ll. 63–71