Is séadchomhartha Albanach é an Lia FàilClach na Cinneamhain (nó “Stone of Destiny” / “Stone of Scone” i mBéarla)[1], bloc dronuilleogach de ghaineamhchloch dhearg (tá Lia Fáil i dTeamhair, Contae na Mí, chomh maith; féach anseo).

Lia Fàil
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálCloch Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Removal of the Stone of Scone in 1950 (en) Aistrigh
Suíomh gréasáin oifigiúiledinburghcastle.gov.uk
Macasamhail den Lia Fáil, i Lùchairt Sgàin.

Is é a mhéid ná 66 cm faoi 42.5 cm faoi 26.7 cm, agus is é a meáchan thart ar 152 kg. Tá cros greanta go garbh ar dhromchla amháin de, agus fáinne iarainn ar an dá cheann len é a iompar.

Coinníodh an leac cloiche i mainistir Sgàin i Sgàin, in aice le Peairt le fada an lá.

Tá amhras ann faoi bharántúlacht na cloiche le fada. Dheimhnigh geolaithe áfach go bhfuil an chloch a thóg Éadbhard I Shasana go Westminster[2] ina " Gaineamhchloch Dhearg Íochtarach", a cairéalaíodh i gcóngaracht Sgàin.[3]

 
Léaráid den Lia Fáíl i gCathaoir an Chorónaithe ag Westminster Abbey, 1855

Tá teoiricí agus finscéalta éagsúla ann faoi stair na cloiche sular socraíodh í i Sgàin:[4]

Baineann scéal amháin le Fergus Mór mac Eirc, céad Rí na Scoit in Albain. D'iompar sé an Lia Fáil ó Éirinn go hEarra-Ghàidheal, áit a corónaíodh ina rí é.[5] B'fhéidir go raibh nasc ann leis an Lia Fáil i dTeamhair. Áitíonn traidisiúin eile go bhfanann an fíor-Lia Fáil i dTeamhair.[6] (Tá "Inis Fáil" ar cheann de na hainmneacha traidisiúnta ar Éirinn, deirtear).

Cuireann finscéalta eile le fios gur as an Talamh Naofa a tháinig an Lia Fáil, ón aimsir Bhíobalta... gurb í Cloch Iacóib i, a thóg Iacób le linn dó bheith i Haran (Leabhar Gheineasas 28: 10–22).

Úsáideadh an leac cloiche ar feadh na gcéadta bliain i gcorónú the na hAlban, agus ina dhiaidh sin nuair a tháinig ríthe na hAlban i gcoróin i Sasana agus an Ríocht Aontaithe, tar éis Acht an Aontais sa bhliain 1707.

Sa 14ú haois, chuir Walter Hemingford, an cléireach Sasanach agus an staraí, síos ar an áit a raibh cloch chorónaithe na hAlban mar mhainistir Sgàin, 3km ó thuaidh ó Pheairt.

Go dtí 1950, bhí an leac ar taispeáint i Westminster, Sasana.[7] Ach ghoid náisiúnaithe na hAlban é ar 24 Nollaig 1950, agus faraor, bhris na gadaithe an chloch Albanach ina dhá leath. Ar 11 Aibreán 1951 fágadh an liag i mainistir Obar Bhrothaig in Albain.[8]

 
“An Lia Fàil” Albanach ː macasamhail in Albain

Ar aon nós, bhí an chloch ar ais i Londain sa bhliain 1953 nuair a rinneadh banríon ar an Ríocht Aontaithe d'Eilís II.

Féach freisin

cuir in eagar

Tuilleadh léitheoireachta

cuir in eagar
  • No Stone Unturned: The Story of the Stone of Destiny, Ian R. Hamilton, Victor Gollancz and also Funk and Wagnalls, 1952, 1953, hardcover, 191 pages, An account of the return of the stone to Scotland in 1950 (older, but more available, look on ABE)
  • Taking of the Stone of Destiny, Ian R. Hamilton, Seven Hills Book Distributors, 1992, hardcover, ISBN 0-948403-24-1 (modern reprint)
  • Martin-Gil F.J., Martin-Ramos P. and Martin-Gil J. "Is Scotland's Coronation Stone a Measurement Standard from the Middle Bronze Age?". Anistoriton, issue P024 of 14 December 2002.
  • The Stone of Destiny: Symbol of Nationhood by David Breeze, Chief Inspector of Ancient Monuments, and Graeme Munro, Chief Executive, Historic Scotland; Published by Historic Scotland 1997: ISBN 1-900168-44-8

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. "Lia Fàil" (as gd) (2014-10-11). Uicipeid. 
  2. 'The Stone of Destiny: Symbol of Nationhood' by David Breeze and Graeme Munro
  3. Pebble, John. "The Lion in the North". www.amazon.com. Dáta rochtana: 2020-04-11.
  4. "Westminster Stone theory" (as en) (2020-03-17). Wikipedia. 
  5. Andree, p. 163
  6. George Petrie; JSTOR (1839-01-01). "On the History and Antiquities of Tara Hill". The Transactions of the Royal Irish Academy. 
  7. bbc.co.uk. "An Lia Fail". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-12-24.
  8. Nick Aitchison. "Scotland's Stone of Destiny". www.amazon.ca. Dáta rochtana: 2020-04-11.