Liam Ambrós Ó hAnluain

bráthair Críostaí agus scoláire Éireannach

Bráthair Críostaí, múinteoir, agus scoláire Éireannach ab ea Liam Ambrós Ó hAnluain (1910–1992). Rugadh i nDoire é in 1910. D'fhreastail ar scoil i nDoire ar dtús, ansin i mBun an Phobail, Contae Dhún na nGall. Oileadh mar Bhráthair Críostaí é i Scoil Iósaf, Baile Dúill, ansin mar mhúinteoir i gColáiste Mhuire Marino.[1] Bhain sé céimeanna BSc, BA, H.Dip san Oideachas, agus MSc amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus é ag obair mar mhúinteoir sa Mhainistir Thuaidh, Corcaigh.

Infotaula de personaLiam Ambrós Ó hAnluain
Beathaisnéis
Breith11 Eanáir 1910
Taobh na hAbhann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Aibreán 1992
82 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Oideachais Marino
Coláiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir Cuir in eagar ar Wikidata

D’oibrigh sé i gColáiste Mhuire Marino, ansin mar phroibhinseal de chuid na mBráithre Críostaí sular éirigh sé as mar gheall ar easláinte. Cuireadh de chúram air formáid chaighdeánach a leagan amach do ghramadach na Gaeilge a bheadh in úsáid i scoileanna na mBráithre Críostaí.[2]

Foilseacháin cuir in eagar

  • Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí le Liam Ó hAnluain, An Gúm, MH Mac an Ghoill agus a Mhac Teo. Baile Átha Cliath, 1960. [3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Acts of the Brethren: Commemorative Essays on the Gaeltacht of the Christian Brothers Liam Ó hAnluain- ', Br. Proinsias S. Ó Catháin, curtha in eagar Micheál Ó Cearúil, 1996.
  2. Liam Ó hAnluain, NT, BSc, BA, H.Dip. Ed., MSc., (1910–1992) Biography, www.ainm.ie
  3. GRAIMÉAR GAEILGE na mBRÁITHRE CRÍOSTAÍ Curtha i gcartlann 2022-03-22 ar an Wayback Machine, by Liam Ó hAnluain, An Gúm, na mBráithre Críostaí ag M.H. Mac an Ghoill agus a Mhac Teo. 1960]