Liam Hamilton

dlíodóir agus breitheamh Éireannach

Breitheamh Éireannach ba ea Liam Hamilton (8 Meán Fómhair 192829 Samhain 2000).

Infotaula de personaLiam Hamilton
Beathaisnéis
Breith8 Meán Fómhair 1928
Baile Mhistéala, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Samhain 2000
72 bliana d'aois
Domhnach Broc, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Sheangánaí Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann
22 Márta 1994 – 1 Meitheamh 2000
← Thomas FinlayRonan Keane (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
bhí Hamilton ina Phríomh-Bhreitheamh Ard-Chúirte ó 1994 go 1999

Fuair Liam Hamilton a chuid oideachais ag Scoil na mBráithre Baile Mhistéala, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é i 1956 agus bhuaigh sé Scoláireacht John Brooke don mhac léinn is fearr sa bhliain dheireanach.  Glaodh chun Bharra na Sinsear é i 1968.[1]

Ceapadh Hamilton ina Bhreitheamh Ard-Chúirte i 1974, rinneadh Uachtarán na hArd-Chúirte de i 1985, agus bhí sé ina Phríomh-Bhreitheamh ó 1994 go 1999. 

Nuair a chuaigh Hamilton ar scor óna phost mar Phríomh-Bhreitheamh sa bhliain 1999, ceapadh é don fhiosrúchán ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath, Mhuineacháin agus Dhún Dealgan i 1976, ach d'éirigh sé as ar chúiseanna sláinte.[1] Fuair sé bás ar 29 Samhain, 2000.

Ba é Hamilton an t-aon bhall de bhinse fiosrúcháin a bhunaigh an Rialtas i 1991, agus a shuigh ó 1994 go 1994, le líomhaintí gníomhaíochta mídhleathaí, calaoise agus míchleachtais sa tionscal próiseála bia, a fhiosrú.[1]

Bhí Hamilton ina Bhreitheamh ainmniúil sa Chúirt Choiriúil Speisialta, agus bhí sé i gceannas ar roinnt cásanna ardphróifíl, lena n-áiríodh cás robála traenach Salins, trialacha iad siúd a luadh a n-ainmneacha le dúnmharú Mountbatten amach ó chósta Shligigh i 1979 agus smuigléirí gunna Eskund.

Mar bhreitheamh Ard-Chúirte, d'áirigh a chuid mórchinntí Murphy v. Attorney General (1982), áit ar shocraigh sé go raibh comhchánú lánúineacha pósta míbhunreachtúil, agus Kennedy v. Éire (1987), a bhunaigh teorannacha le cumas an Stáit cur isteach ar shaol príobháideach saoránach.

Mar Phríomh-Bhreitheamh, d'áirigh a chuid cinntí ba thábhachtaí: I maidir leis an mBille um Rialú Eolais (Seirbhísí taobh amuigh den Stát le Deireadh a chur le Toircheas), 1995 (1995) inar sheas an Chúirt Uachtarach le bailíocht an bhearta a lig rochtain ar eolas ar sheirbhísí comhairleachta agus clinicí ginnmhillte agus T.F. v. Éire (1995), a d'aithnigh cliseadh doleigheasta pósta mar bhunús d'idirscaradh breithiúnach.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-08-01.