Logainmníocht i gCill Airne
Tá an logainmníocht a fhaighimid ar fud na hÉireann fíorthábhachtach chun tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den timpeallacht. Cuir i gcás, gnéithe áirithe den stair, den tíreolaíocht agus den bhéaloideas. Uaireanta is féidir linn a lán eolais a fháil amach faoi conas mar a mhair ár sinsir os na logainmneacha agus na slite beatha a bhí ar siúl acu chomh maith. Lena chois sin, nuair a fhéachaimid ar logainm éigin, cuireann sé sin pictiúr éigin den áit isteach inár gcinn agus dá thoradh tá baint mhór idir an logainm agus an áit féin. Is é an ceantar a bheidh á phlé againn anseo ná baile Chill Airne agus an ceantar máguaird. Pléifidh mé roinnt de na sráidainmneacha agus cuid d’ainmneacha na n-eastát tithíochta chun blas iomlán a fháil den mbaile go léir os na logainmneacha. Nuair a smaoiníonn duine ar ainm an bhaile, is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad, faigheann siad íomhá de na locha agus de na radharcanna áille atá le fáil sa cheantar.
Ainm an bhaile
cuir in eagarAr dtús báire, táim chun ainm an bhaile féin a phlé. Ciallaíonn Cill Airne ‘Church of the Sloe’ as Béarla. Tá an Béarlú ar an ainm déanta de réir fuaimniú agus tá an fuaimniú an-ghairid den ainm Gaeilge. Ciallaíonn an focal ‘cill’ i logainm go bhfuil baint éigin sa cheantar le láithreán eaglasta de shaghas éigin agus i gcás an bhaile seo, tá fianaise ann go raibh a lán séipéal sa cheantar. Cuir i gcás Cill Aha ar an dtaobh thiar den mbaile, Cill Airne féin agus Cill Agi ar an taobh theas den mbaile. Measann daoine áirithe áfach go bhfuil ainm an bhaile mícheart agus gurb í ‘Coill Airne’ an t-ainm ceart ar an mbaile. Ceaptar é seo mar deineadh suirbhé sa séú aois déag agus sa suirbhé seo, deineadh suirbhé don mbaile Kyllarney (Killarney Town Trail, lch.3). Tá sé soiléir ón ainm seo gur ón bhfocal ‘Coill’ (‘wood’) a tháinig tús an ainm agus nuair a chuimhníonn daoine arís air, is dócha go ndéanann ‘Wood of the Sloes’ níos mó céille. Ar aon nós, tá mórán conspóide faoi seo. Is furasta a dhéanamh amach cén fáth go bhfuil an eilimint ‘Airne’ sa logainm. Tráth dá raibh, bhí a lán coillte airne sa dúiche. Tá an eilimint ‘Cill’ féin an-choitianta sa tír. Tagann sé ón bhfocal ‘Ceall’ a thagann ón Laidin ‘cella’ agus faighimid a lán logainmneacha ar fud na tíre leis an logainm seo iontu. Cuir i gcás, sa cheantar áitiúil, cúpla míle lasmuigh de Chill Airne, faighimid Cill Chuimín. Meastar go raibh naomh sa cheantar fadó agus an t-ainm a bhí air ná Cuimín. Is dócha gur bhunaigh sé séipéal agus is é seo an fáth go bhfuil an t-ainm seo ar an áit. Tá an eilimint ‘airne’ le fáil lasmuigh de Chontae Chiarraí chomh maith. Is féidir é a fháil i gContae Chill Chainnigh, i gContae Ros Comáin agus i gContae Chill Mhantáin, i mBré chun a bheith cruinn. Sa bhaile seo, tá bruachbhaile ann agus Cill Airne an t-ainm atá air. Dá thoradh sin, faigheann tú rudaí cosúil le Bóthar Chill Airne sa bhaile seo. Ina theannta sin, tá ainm Chill Airne le fáil san Astráil ach nílim cinnte go bhfuil dlúth bhaint leis an mbaile in Éirinn ach caithfidh go bhfuil baint éigin ann.
Sráidainmneacha
cuir in eagarTáim chun cuid de na logainmneacha atá le fáil sa bhaile a phlé anois agus tosnóidh mé leis an mbaile féin le cuid de na sráidainmneacha sa bhaile féin. I gcroílár an bhaile féin, tá áit ar a dtugtar Crosaire an Mhargaidh air. Anseo tá an tSráid Mór ar do chlé, tá an tSráid Ard ar do dheis agus tá an tSráid Nua os do chomhair amach. Tráth dá raibh, tháinig daoine ó áiteanna cosúil le Gleann Beithe chun iasc a dhíol, go háirithe ar an Aoine nuair a bhíodh sé mar riail ag an Eaglais go gcaithfeá iasc a ithe ar an lá seo. (Killarney Town Trail, lch.14) Lena chois sin, bhíodh aonach na gcapall ar siúl anseo uair amháin gach trí mhí. Cinnte, is crosaire an mhargaidh a bhí i gceist agus tá an t-ainm sin tuillte go mór aige. In a lán bailte móra agus cathracha, faigheann tú cearnóg agus is anseo a tharla margaí agus a leithéid agus is saghas cearnóige í Crosaire an Mhargaidh i gCill Airne chomh maith.
Táim chun leanúint ar aghaidh go dtí an tSráid Ard anois. Is é an Béarlú a deineadh ar an tsráid seo ná High Street, arís Béarlú de réir brí. Tá an tsráid seo lán de bhóithríní. Is é an rud a tharla anseo ná gur thug Tiarna Chinn Mara talamh saor in aisce dá chuid gníomhairí. Ansin, thóg na gníomhairí tithe ar na bóithríní agus tugadh ainmneacha na ngníomhairí ar na bóithríní seo. Nuair a fhéachann tú i gceart orthu, faigheann tú amach go bhfuil aon bhóithrín déag ann ar fad. Ar dheis, tá Lána an Phléimeannaigh, Lána Bower, Lána na hOifige Gill (Is é an Béarlú air seo ná Pawn Office Lane). Chomh maith leis seo, tá Lána an Bharraigh (Barry’s Lane). Ina theannta sin, tá Lána Brasby agus Lána Dodd chomh maith.Is ainmneacha Sasanacha iad seo agus tá sé an-soiléir gur ainmneacha na ngníomhairí iad Brasby agus Dodd. Tá Lána Huggard ann chomh maith. Tá seans ann go raibh ainm eile ar an Lána a dtugtar Ball Alley nó Ball Court Lane air ar dtús ach de réir a chéile, cailleadh an t-ainm. Ag deireadh na naoú haoise déag, bhí an liathróid láimhe ag éirí an-choitianta agus is ar an lána seo a imríodh í den chuid is mó. Ar chlé agus sinn fós ar an tSráid Ard, tá trí lána eile ann - Lána Duckett, Lána Uí Ógáin agus Lána an Mhargaidh Nua. Glaonn muintir na háite Lána Hilliards ar Lána Uí Ógáin. Ar an tSráid Ard, bhí monarcha ag muintir Hilliard ina deineadh bróga. Bhí an-shuim ag John Hilliard sa Ghaeilge agus theastaigh uaidh focal oiriúnach a fháil den bhfocal Béarla ‘limited’. Lorg sé cabhair ó Alfred Ó Rathaille a bhí mar Uachtarán ar Ollscoil Chorcaí ag an am agus smaoinigh Ó Rathaille ar an bhfocal ‘teoranta’. Ba é an comhlacht seo an chéad chomhlacht in Éirinn chun an focal ‘teoranta’ a úsáid agus tá an focal seo fós in úsáid go forleathan sa lá atá inniu ann. Maidir le Lána na hOifige Gill, arís tá seans ann go raibh ainm eile ar an lána sin uair éigin ach measatar go raibh teach gill de shaghas éigin ann uair éigin.
Ag dul ar aghaidh go dtí an tSráid Mór anois. Is é an Béarlú atá ar an tsráid seo ná Main Street. Cheapfá go bhfuil sé seo mícheart mar ní Béarlú de réir fuaime nó de réir brí é. Ar an tSráid seo, tá Ionad Siopadóireachta ann ar a nglaoitear Ionad Siopadóireachta Inis Faithleann. Tráth dá raibh, bhí óstán ar an suíomh seo agus Óstán Inis Faithleann an t-ainm a bhí air. Nuair a thagann tú amach ar an taobh eile den ionad siopadóireachta, tá tú ar an tSráid Nua nó New Street as Béarla. Is Béarlú ceart, de réir brí é seo. Ar aon nós, tá tui gcroílár eaglasta an bhaile seo. Ar an tSráid Nua, feiceann tú dhá lána- Lána an Easpaig agus Plás an tSéipéil. Bhí foirgneamh eatarthu, tráth dá raibh agus is é Teach an Easpaig a bhí ann. Aistríodh an teach go suíomh in aice leis an Ardeaglais sa bhliain 1861 (Killarney Town Trail, lch.18). Tá an Ardeaglais lonnaithe ag bun na Sráide Nua. Ag siúl ar aghaidh tagann tú chuig lána eile ar a dtugtar an Lána Glas nó Green Lane air.
Tá áit lárnach ag an Ardeaglais i saol na ndaoine i gCill Airne. Tá sé ainmnithe in onóir do Naomh Muire. Is é an t-ainm atá air as Béarla ná St Mary’s Cathedral. San Ardeaglais, tá cúpla gné éagsúil ann agus féachfaidh mé ar cuid acu siúd anois. Is é an t-ainm atá ar cheann de na haltóirí san Ardeaglais ná Altóir Naomh Bhreanainn. Tá sé seo tiomnaithe do phatrún naofa Deoise Chiarraí. Tá séipéilín Naomh Sheosamh san Ardeaglais chomh maith (Killarney Town Trail, lch.20) Táim chun dul ar ais go dtí lár na Sráide Nua anois ar feadh cúpla nóiméad. Nuair a chasann tú ar dheis ar do shlí suas ón Ardeaglais tagann tú chuig Bóthar na bhFéanna. Is tagairt don gcrann é seo agus arís sa chás seo, tá an Béarlú déanta de réir brí mar is Beech Road a thugtar air. Tá carrchlós ar an mbóthar seo. Tugtar New Street Carpark air sa Bhéarla ach tá sé spéisiúil gur Páirc an Mhóinéir an Ghaeilge atá air.
Nuair a leanann tú ar aghaidh go dtí go dtí bun an bhóthair seo (Bóthar na bhFéanna), tagann tú go dtí Bóthar na Misean nó Mission Road sa Bhéarla. Osclaíodh é seo sa bhliain 2000 chun dul i ngleic le fadhbanna tráchta sa bhaile. Ceanglaíonn an bóthar seo an taobh thiar den mbaile leis an taobh thoir den mbaile. Má chasann tú ar chlé, tagann tú chuig Plás Chinn Mara atá ainmnithe i ndiaidh Tiarna Chinn Mara bhí an-chumhachtach sa bhaile agus sa cheantar máguaird tráth dá raibh. Is anseo leis atá an áit a dtugtar an ‘Ha Ha’ air. Is anseo a bhíonn na carranna cliathánacha ag fágáil chun turasanna a thabhairt do thurasóirí sa Pháirc Náisiúnta. Ansin tagann tú chuig an Ascaill Thoir nó East Avenue Road sa Bhéarlú. Arís sa chás seo, tá an Béarlú déanta de réir brí. Tá ainm na sráide seo an-fheiliúnach mar ceanglaíonn an tsráid an dá thaobh den mbaile le chéile. Leanann sé ar aghaidh ó Bhóthar na Misean. Sular tógadh an bóthar seo, bhíodh ar dhaoine dul tríd lár an bhaile chun an taobh eile a bhaint amach ach níl gá leis seo a thuilleadh.
Is ar an Ascaill Thoir chomh maith atá an Stáisiún Traenach suite. Tá an Malton Hotel lonnaithe díreach trasna ón stáisiún ach bhí clú agus cáil ar an óstán seo tráth dá raibh toisc gur é an Great Southern Hotel an t-ainm a bhí air. Bhí an Stát i gceannas ar an óstán seo agus bhí baint ollmhór ag an óstán seo leis an mbaile féin. Is dócha nach logainm é i ndáiríre ach toisc go raibh sé chomh tábhachtach sin i saol an bhaile, is saghas logainm é ar shlí.
Nuair a thagann tú go barr an bhóthair seo (An Ascaill Thoir), tá tú ag áit a dtugtar Cnoc na gCaorach air. Tá an logainm seo fíorshuimiúil ar scata slí. Ar dtús, pléifidh mé an ainm féin. Ceaptar go mbíodh caoirigh ag féarach anseo fadó. Tá dealbh do spéirbhean lonnaithe ag an spota seo. Cuimhneachán atá ann ar fhilí ó Chiarraí — Piaras Feiritéar, Séafraidh Ó Donnchadha, Aodhagán Ó Rathaille agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin. Crochadh Piaras Feiritéar anseo ag Cnoc na gCaorach ar an gcúigiú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair 1653. Ón lá sin amach, tugadh Cnoc na Martra nó Martyrs’ Hill mar Bhéarlú ar an áit. Is anseo a crochadh aon duine a cuireadh chun báis sa cheantar (Killarney History and Heritage, lch.105-107).
Nuair a leanann tú ort ar aghaidh i dtreo lár an bhaile arís, tagann tú go dtí Teach Cúirte Chill Airne agus taobh thiar den chúirt, tá carrchlós suite ann. Tugtar Gort an Aonaigh ar an ngcarrachlós seo mar tráth dá raibh bhíodh aonaigh ar siúl anseo go minic. Bhíodh muca, caora agus ba á ndíol anseo. Ag aimsir na Nollag, thagadh daoine ón gceantar chun turcaithe a cheannach agus a dhíol. Sa lá atá inniu ann, leanann na margaí ar aghaidh ach glasraí agus torthaí a bhíonn á gceannach agus á ndíol agus tá deireadh leis an aonach ina mbíodh ainmhithe á gceannach agus á ndíol.
Tá tú ar Shráid an Choláiste anois. Tá an Béarlú atá ar ainm seo déanta de réir brí mar is College Street a ghlaotar ar an tsráid. Tráth dá raibh, bhí an tsráid seo mar chroílár de shaol scolaíochta an bhaile. Bhí cúpla scoil suite ar an tsráid ach tá siad imithe anois agus tá óstáin ina n-áit. Nuair a leanann tú ar aghaidh go dtí deireadh na sráide, tagann tú chuig carrchlós a tugtar Glebe Car Park air sa Bhéarla. Bhíodh óstán anseo fadó agus tugadh Óstán na Gléibe nó Glebe Hotel air, sin é an fáth go dtugtar an t-ainm seo ar an gcarrchlós. Trasna an bhóthair ón gcarrchlós, tá lána ar a glaotar Lána na Grúdlainne, Brewery Lane sa Bhéarlú, arís Béarlú de réir brí. Bhí grúdlann anseo tuairim is ceád bliain ó shin. Tá baint éigin ag an ainm Gléib leis an Eaglais mar fadó bhí talamh ag an Eaglais anseo agus Gléib nó Glebe a tugadh ar thalamh a bhí ag an Eaglais i gcásanna áirithe.
Ag barr Lána na Grúdlainne, tá tú ag féachaint ar Shraid an Phluincéid atá díreach ós do chomhair amach. Tá an tsráid seo ainmnithe in ómós don Naomh Oilibhéir Pluncéid. Tá sé suimiúil áfach nach é seo an t-ainm a bhí ar an áit i gcónaí agus gur Henn Street a glaodh air fadó.
Anois, déanfaidh mé trácht gairid ar Staid an Ghearaltaigh. Tá ról lárnach ag an staid seo i gcúrsaí an bhaile, go háirithe ó thaobh an spóirt de. Tá sé suite ar Bhóthar an Labhaoisigh Uachtarach atá tuairim is míle ó lár an bhaile. Is iomaí cluiche peile agus iománaíochta a bhíonn á imirt anseo. Osclaíodh é sa bhliain 1936 agus tugadh Staid an Ghearaltaigh ar an bpáirc in ómós do Risteárd Mac Gearailt a cailleadh go tragóideach sa bhliain 1930 nuair a thit sé ó dhíon theach cúirte Chill Airne. Bhuaigh an fear seo cúig bhonn Uile-Éireann ag imirt peile dá chontae. (http://www.eastkerrygaa.com.history-stadium.htm[nasc briste go buan]) Rud eile atá suimiúil agus tú ag féachaint ar roinnt de na sráidainmneacha sa bhaile seo ná go bhfuil an eilimint ‘muc’ an-chomónta ar fad. Tá an Óstán Gleneagle suite ar Bhóthar Mhucrois sa bhaile. Tógadh an t-óstán seo sa bhliain 1957 ach roimhe sin, is é an t-ainm a bhí ar an ngort ar a tógadh an óstán air ná Poll na Muc! Lena chois sin, faigheann tú rudaí cosúil le Mucros nó Muckross sa Bhéarla ach is é an t-aistriúchán liteartha ar an t-ainm seo ná ‘The peninsula of the pigs’.
Eastáit Tithíochta
cuir in eagarDéanfaidh mé trácht gairid ar chuid de na hainmneacha atá ar chuid de na heastáit tithíochta sa bhaile anois. Tá eilimintí a bhaineann le crainn agus a leithéid an-chomónta sa bhaile. Tá ceithre eastát in aice le chéile ar imeall an bhaile ar Bhóthar Thrá Lí agus is iad na h-ainmneacha atá orthu ná Garrán na Saillí, Cnoc na Darrach, Garrán an Leamhain agus Clós na Fuinseoige. Tá bóthar ar a dtugtar Bóthar Fhaiche na Coille air sa bhaile agus ceanglaíonn sé Bóthar Chorcaí le Bóthar Mhucrois. Ar an mbóthar seo, tá a lán eastáit tithíochta agus arís, tugann tú faoi ndeara go bhfuil baint mhór ag na crainn leis na hainmneacha. Mar shampla, Ascaill Ghleanntán na Raithní agus Ascaill Sceiche Gile.
Tá logainmníocht an cheantair seo an-suimiúil ar fad toisc go bhfuil an oiread sin rudaí ar a bhféadfá staidéar a dhéanamh orthu agus tá sé soiléir go dtuigeann Comhairle Contae Chiarraí é seo chomh maith mar tá polasaí acu siúd maidir leis na logainmneacha sa chontae. Tá sé mar dhualgas orthu de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go gcaithfidh siad logainmneacha na Gaeltachta a úsáid trí Ghaeilge. I mbaile Chill Airne féin, tá coiste acu chun logainmneacha nua a phlé agus tá sé soiléir go bhfuil siad ag déanamh iarrachta chun ainmneacha Gaeilge a chur ar na heastáit tithíochta, sampla de seo ná ‘Bruach na hAbhann’
Tagairtí
cuir in eagar- http://www.eastkerrygaa.com/history-stadium.htm Curtha i gcartlann 2012-09-18 ar an Wayback Machine 18/02/2008
- Killarney Town Trail, Cork/Kerry Tourism, 2002. Failte Ireland South West, Grand Parade, Cork.
- Killarney History and Heritage, Larner Jim, 2005, Collins Press, Wilton, Cork