Rí Ulad de Dhál Araí ba ea Loingseach mac Cinn Éidigh (Sean-Ghaeilge Loingsech mac Cinn Étig meic Lethlobair) (bás 932). Tríú is tríocha rí Dál nAraidi ón mbliain 904 agus naoú is tríocha rí Ulad ón mbliain 925 ba ea é. Sinsear eapainmneach chlann Uí Loinsigh ba ea é.[1]

Infotaula de personaLoingsech mac Cinn Étig
Beathaisnéis
Bás932 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteAodh mac Loingsigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCeann Éidigh mac Leathlobhair

Ba bhall de phríomhchlann Dhál Araí, mar a bhí Uí Chaolbhadh (Uí Chóelbad), lonnaithe taobh thoir de bhaile Aontroma. Ceann Éidigh mac Leathlobhair (bás 900), iar-rí Dhál Araí agus leath-rí Ulad, ba ea a athair.[2] De réir an Leabhair Laighnigh, tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, Bécc Ua Lethlobair mar rí Dhál Araí.[3]

Feictear Loingseach sna hannála Éireann don chéad uair don bhliain 912. I mí an Mheithimh, tháinig Niall mac Aodha Fhionnliath, Rí Ailigh, le slua mór i nDál Araí isteach. Chuaigh Loingseach i ngleic le Niall ag Freghabhail (Contae Aontroma), ach cloíodh é. Maraíodh a dheartháir, Flathrua, i rith an chatha. Chuaigh ansin Aodh mac Eochagáin, rí Ulad i dteannta le Loingseach ar tóir Néill go dtí Carn Éireann. Chloígh Niall arís iad, gortaigh go holc Dubhghall mac Aodha agus maraíodh mórán fir nUlad. Rinneadh suíocháin ansin i mí na Samhna ag Tealach Óg, idir Niall agus Aodh.[4]

Sa bhliain 925, maraíodh Dubgall mac Áeda, rí Ulad, ag a mhuintir féin, agus rinneadh rí Ulad de Loingseach ansin. Bhí sé i réim le seacht mbliana dar le Mac Firbis (fol. 481) agus fuair sé bás sa bhliain 932.[5] D'éirigh ansin Eochaidh mac Conaill de Dhál ina rí Ulad le Dhál Araí, dar le leis an Leabhar Laighneach.

Rinneadh rí Dhál Araí agus Ulad dá mhac, Aodh. Muintir Loingsigh nó Uí Loingsigh Uladh ba ea ainm a shliochtaigh.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings". Courts Press History Classics. .
  2. T.W Moody, F.X. Martin, F.J. Byrne (2011). "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists. A companion to Irish History part II": 690. Oxford University Press. 
  3. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 904.8.
  4. ACM 912.3
  5. Annála Uladh, AU 932.4