Loinnir
Is aip í Loinnir, an chéad ghréasán sóisialta Gaeilge a úsáideann córas GPS an fhóin le teacht ar chainteoirí Gaeilge eile atá cláraithe léi. Lainseáil sa bhliain 2017 í.
Cineál | seirbhís líonrú sóisialta agus aip shoghluaiste |
---|
Stair cuir in eagar
Ba é Edmond Ó Floinn an ríomhchláraitheoir a chruthaigh an aip nua, in éineacht lena chara Dónall Ó Catháin. Tá an aip ar fáil saor in aisce ar an Google Play Store. Roinn Tuairisc.ie an aip in alt agus mar gheall air tháinig méadú ar líon na n-úsáideoirí.
Oibriúchán cuir in eagar
Cláraíonn daoine le Loinnir agus úsáideann an aip córas GPS an fhóin le teacht ar chainteoirí Gaeilge eile atá cláraithe le Loinnir agus atá i gcóngar dóibh. Is féidir freisin an rogha ‘rúiléad’ a úsáid le teacht ar dhaoine atá níos faide i gcéin, nó, go deimhin, dul isteach i ‘seomra cainte’ agus labhairt le grúpa daoine.
Caithfidh daoine a bheith cláraithe le Facebook chun a bheith ábalta an aip a úsáid.
Go dtí an 28 Deireadh Fómhair, 2017, ní féidir le daoine pictiúirí a chur suas.
Ceantair cuir in eagar
Dúirt Edmond go bhfuil na ceantair go léir aontaithe, go dtí go mbeadh níos mó úsáideoirí ag an aip, sin nuair a éiríonn an seomra ró-ghnóthach.
Leis an nuashonrú is déanaí, bíonn topaic nua ann de réir na seachtaine le plé chun daoine a mhealladh ag caint.
Úsáideoirí cuir in eagar
Tá níos mó ná 375 úsáideoirí ar an aip.