Olltoirtís ab ea Lonesome George (nó El Solitario Jorge), as Páirc Náisiúnta Oileáin Galapagos (ar Oileán Pinta). Bhásaigh Lonesome George ar 24 Meitheamh 2012. Ba é an t-ainmhí ba theirce ar domhan é ag an am.[1] Measann daoine go raibh George tuairim is 100 bliain d’aois nuair a d'éag sé.

L.G. sa bhliain 2005

Is oileánra í an pháirc náisiúnta Galapagos agus bhí George ina shiombail di. Maireann orgánaigh ar leith inti nach mbíonn in áit ar bith eile ar domhan.

Lonesome George inniu

Díothú cuir in eagar

Chomh fada agus is eol dúinn bhí George ar an toirtís deiridh dá chineál. Meastar go bhfuil an fospeiceas sin díothaithe anois.

Rinne eolaithe iarracht George a chúpláil le toirtís bhaineannacha a raibh garghaol acu leis. Cé gur rugadh uibheacha dóibh, bhí siad neamhthorthúil.

 
Is oileánra í an pháirc náisiúnta Galapagos agus bhí George ina shiombail di.

Fíricí fánacha cuir in eagar

Chaith David Attenborough a ochtódú breithlá ag scannánú olltoirtísí ar Oileáin Galápagos; ina measc bhí an olltoirtís, Lonesome George, a bhí thart ar an aois chéanna leis an taiscéalaí léannta.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Foras na Gaeilge (Fómhar 2013). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2020.