Oileáin Ghalápagos
Oileánra de oileáin bholcánacha iad na hOileáin Ghalápagos (Ainm oifigiúil: Archipiélago de Colón; ainmneacha Spáinise eile: Islas de Colón nó Islas Galápagos) atá lonnaithe timpeall an mheánchiorcail san Aigéan Ciúin 972 km (525 míle) siar ó Eacuadór ilchríochach, a bhfuil siad mar chuid de. An fiadhúlra spéisiúil atá acu an ghné is suntasaí faoi na hoileáin.
Nádúr Cuir in Eagar
Tá a lán ainmhithe ar na hOileáin Galápagos agus níl siad ar fáil in aon áit eile. Is Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO iad na hoileáin anois.[1]
Sa 19ú haois, rinne Charles Darwin an-chuid taighde ar na hoileáin, ag féachaint ar na hainmhithe agus ar an timpeallacht, nuair a bhí a theoiric ar an éabhlóid á forbairt aige.[2]
Sa bhliain 2022, thug taighdeoirí faoi deara go bhfuil DNA difriúil ag na toirtísí atá ar na hoileáin anois, i gcomparáid leis an DNA a bhí ag na toirtísí in 1906.
Féach freisin Cuir in Eagar
- Glasáin Darwin
- Lonesome George. Olltoirtís ab ea Lonesome George (nó El Solitario Jorge), as Páirc Náisiúnta Oileáin Galapagos (ar Oileán Pinta). Bhásaigh Lonesome George ar 24 Meitheamh 2012. Ba é an t-ainmhí ba theirce ar domhan é ag an am.[3]
Meáin Cuir in Eagar
-
(Grapsus grapsus) Bahía Tortuga
-
(Pelecanus occidentalis) Bahía Tortuga
-
(Amblyrhynchus cristatus) Bahía Tortuga
Tagairtí Cuir in Eagar
- ↑ maynoothuniversity.ie (21 Márta 2022). "Eleathanach 407". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Foras na Gaeilge (Fómhar 2013). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Foras na Gaeilge (Fómhar 2013). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2020.