Longa galánta Rómhánacha a bhí i Longa Nemi a tógadh do Caligula. Cuireadh go tóin poill i Loch Nemi na hIodáile iad nuair a feallmharaíodh é. D'ordaigh Mussolini go n-ardófaí ó bhun an locha iad in 1929 rud a rinneadh. Dódh i ndóiteán sa Dara Cogadh Domhanda ina dhiaidh sin iad.