Luainíonn gach núicléas thart ar an mbuntreo le minicíocht ar a dtugtar minicíocht Larmor.[1] Tá an mhinicíocht seo sainiúil do gach iseatóp ar leith.

Más réimse maighnéadach ailtéarnach an réimse claonta, braitheann a éifeacht chun luainíochta ar a mhinicíocht. Má bhíonn a mhinicíocht cothrom le minicíocht Larmor, tarlaíonn luainíocht athshondach do na núicléis ag minicíocht sin Larmor.

Bíonn an luainíocht i réim ar feadh tréimhse tar éis don mhaighnéad claonta lascadh ann, agus tar éis é a lascadh as. Is féidir an dá iompraíocht seo a bhrath le corna suite taobh leis na núicléis atá á suaitheadh, de bhrí go n-ionduchtaítear comhartha voltais sa chorna seo de bharr luainíocht na maighnéad núicléach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais".