Athshondas maighnéadach núicléach

Rothlaíonn gach uile núicléón—prótón is neodrón—sa núicléas timpeall ar ais tríd, mar a bheadh caiseal ann. Is féidir dhá threo a bheith ag an nguairne seo.

Athshondas maighnéadach núicléach

De bhrí go bhfuil lucht leictreach ag an bprótón atá ar aon luach le lucht an leictreoin, feidhmíonn an núicléas atá ag rothlú mar a bheadh maighnéad bunúsach ann. Fiú i gcás an neodróin neodraigh rothlaithe, tá sé ina mhaighnéad lag.

Taobh istigh den núicléas ina iomláine, suimítear réimsí na maighnéad chun maighnéad comhthorthach an núicléis a dhéanamh. Má shuitear núicléas aonair hidrigine (prótón aonair) i réimse maighnéadach, treoshuitear an núicléas sa treo céanna leis an réimse.

Má bhíonn roinnt núicléas den saghas seo ann, treoshuitear iad go léir sa treo céanna, a bheag nó a mhór. Ansin má fheidhmíonn réimse maighnéadach eile, dírithe i dtreo atá ingearach leis an mbunréimse, aomtar na núicléis amach óna dtreoshuíomh bunaidh. Ach de réir mar a chlaontar iad, leanann siad dá nguairne, agus tosaíonn ais na guairne seo ag rothlú thart ar an z-ais i dtreo an bhunréimse mhaighnéadaigh. Guairne dhúbailte a tharlaíonn mar sin, agus tugtar luainíocht ar an bhfeiniméan seo.

Luainíonn gach núicléas thart ar an mbuntreo le minicíocht ar a dtugtar minicíocht Larmor. Tá an mhinicíocht seo sainiúil do gach iseatóp ar leith.

Más réimse maighnéadach ailtéarnach an réimse claonta, braitheann a éifeacht chun luainíochta ar a mhinicíocht. Má bhíonn a mhinicíocht cothrom le minicíocht Larmor, tarlaíonn luainíocht athshondach do na núicléis ag minicíocht sin Larmor.

Bíonn an luainíocht i réim ar feadh tréimhse tar éis don mhaighnéad claonta lascadh ann, agus tar éis é a lascadh as. Is féidir an dá iompraíocht seo a bhrath le corna suite taobh leis na núicléis atá á suaitheadh, de bhrí go n-ionduchtaítear comhartha voltais sa chorna seo de bharr luainíocht na maighnéad núicléach.

Baintear feidhm as an bhfeiniméan seo chun samplaí a thástáil sa cheimic agus íomháú a dhéanamh sa mhíochaine.[1]


Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Athshondas núicléach maighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 55.