Cuirtear luasteorainn, nó teorannú dlí ar luas feithiclí, i bhfeidhm timpeall an domhain, ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta ar na bóithre agus i limistéir dlúthdhaonra, srl.[1]

Cuirtear luasteorainneacha in iúl go minic trí chomharthaí bóthair sainiúla a léiríonn an teorainn i ngach ceantar.[2]

Forfheidhmiú an dlí cuir in eagar

Tá an fórsa póilíneachta freagrach, de ghnáth, as reachtaíocht um thrácht ar bhóithre a fhorfheidhmiú lena chinntiú go gcomhlíonann saoránaigh na luasteorainneacha. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na póilíní freagrach as cionta luais a bhrath agus as imeachtaí a thionscnamh trí phionóis sheasta a eisiúint do thiománaithe a sháraíonn luasteorainneacha.[2]

Tá ceamaraí sábháilteachta ar bhóithre ó am go ham, go háirithe ar na bóithre a bhfuil stair imbhuailtí atá bainteach le luas. IN Éirinn, feidhmíonn na ceamaraí "GoSafe" ó veaineanna atá marcáilte le hábhar frithchaiteach ard-infheictheachta agus tá siombail cheamara sábháilteachta ar taispeáint acu.

Éire cuir in eagar

Tomhaistear faid bóithre agus luasteorainneacha in Éirinn i gciliméadar. Tá cúig chineál luasteorainneacha i bhfeidhm in Éirinn; in 2023, bhí luasteorainn 120 ciliméadar san uair ar mhótarbhealaí agus 50 ciliméadar ciliméadar sna ceantair uirbeacha.

Sa bhliain 2023, bhí rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliú chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ag an am go raibh "eipidéim luais" ar siúl i bPoblacht na hÉireann, agus gur chóir do gach duine a bheith ag tiomáint ní ba mhoille.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""luasteorainn limistéir fhoirgnithe"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-09-13.
  2. 2.0 2.1 Citizensinformation.ie. "Teorainneacha luais náisiúnta in Éirinn" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2023-09-13.
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (9 Meán Fómhair 2023). "‎Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-09-13.