An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre
Eagraíocht reachtúil in Éirinn is ea an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (USB nó an tUSB).[1][2] Reáchtálann an tUSB tionscnaimh chun feasacht ar úsáid níos sábháilte ar bhóithre a ardú agus a chur chun cinn. Soláthraíonn an tUSB faisnéis agus comhairle do scoileanna, do ghrúpaí agus don phobal chun oideachas agus feasacht ar shábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais |
Gníomhaíocht | |
Ball de | European Transport Safety Council (en) |
Rialachas corparáideach | |
Líon fostaithe | 309 |
Suíomh gréasáin | http://www.rsa.ie/en/ |
Stair
cuir in eagarCruthaíodh an foras faoin Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, agus bunaíodh é ar an 1 Meán Fómhair 2006.[3][4]
Tar éis dó dul ar scor, chaith Gay Byrne ocht mbliain mar chathaoirleach ar an USB.
Beartais
cuir in eagarSa bhliain 2023, bhí rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliú chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ag an am go raibh "eipidéim luais" ar siúl i bPoblacht na hÉireann, agus gur chóir do gach duine a bheith ag tiomáint ní ba mhoille.[5]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, an Road Safety Authority nó an RSA
- ↑ "RSA.ie - Baile". www.rsa.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
- ↑ RSA (2023). "Seoladh Feachtas um Shábháilteacht ar Bhóithre na Nollag". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ ag an am sin, aistríodh na feidhmeanna a dhéanann sí ón Roinn Iompair (DoT), ón Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) agus ón gComhairle Sábháilteachta Náisiúnta NSC)
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (9 Meán Fómhair 2023). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-09-13.