Is gléas é an luchtaire cadhnra a bhaintear feidhm as chun fuinneamh a chur nó a luchtú i gcadhnra trí sruth aibhléiseach a chur tríd. Baineann an-chuid daoine leas astu chun cadhnraí a luchtú i gcóir gutháin, aibhléisí amhail gléas bearrtha, gléas clamhaireachta, scuab fiacla aibhléiseach, seinnteoir ceoil, lóchrann agus a lán lán gléasanna eile. Is féidir cadhnra a luchtú i bhfoirgneamh ó slocán nó is féidir luchtaire a sháigh isteach sa pholl ina mbíonn an lastóir toitíní i ngluaisteán. Bíonn luchtaire faoi leith de dhíth i gcóir seo.

Is féidir leis an luchtaire Ionhub gléasanna agus aibhléisí éagsúla a luchtú in aon dreas amháin: iPod Nano, Razr, Nintendo DS Lite, BlackBerry, seinnteoir DVD iniompartha, agus gléas bearrtha.