Ludwig II na Baváire
Bhí Ludwig (Laoiseach) Friedrich Wilhelm II (25 Lúnasa, 1845 – 13 Meitheamh, 1886), ina Rí ar an Bhaváir ó 1864 go dtí go bhfuair sé bás. Tugadh na leasainmneacha Mad King Ludwig (Laoiseach Craiceáilte) air as Béarla agus Märchenkönig (Rí na bhFinnscéalta) air as Gearmáinis.
Ludwig Friedrich Wilhelm II | |
---|---|
Rí na Baváire | |
Réimeas | 10 Márta 1864-13 Meitheamh 1886 |
Dáta breithe | 25 Lúnasa 1845 |
Áit bhreithe | München |
Dáta báis | 13 Meitheamh 1886 |
Áit bháis | Loch Starnberg, An Bhaváir |
Réamhtheachtaí | Maximilian II |
Comharba | Otto |
Rítheaghlach | Wittelsbach |
Tá clú agus cáil air mar gheall ar an mbealach aisteach a bhí leis, agus mar go raibh an-suim aige i gcaisleáin ar stíl na Meánaoise, amhail Neuschwanstein, a spreag an tsamhlaíocht don chaisleán in 'Sleeping Beauty' ag Disney.
Tar éis a bháis, thángthas ar phleananna dá lán caisleán eile nár thóg sé. Is é a bhí ina Rí ar an mBaváir nuair a aontaíodh an Ghearmáin in aon tír amháin sna 1870idí, agus ní ró-shásta a bhí sé faoi ach oiread.