Máire Ní Chéileachair
Is amhránaí ar an sean-nós as Contae Chorcaí í Máire Ní Chéileachair.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | An Fearann |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Fostóir | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gradam a fuarthas | |
Is as an bhFearann i gContae Chorcaí di ó dhúchas. Bhí a thuismitheoirí as Cill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí, agus mhúscail siad a suim san amhránaíocht thraidisiúnta agus sa Ghaeilge. Oileadh í mar mhúinteoir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus d’oibrigh sí i Scoil Ashton i nDúcharraig i ngar do Chathair Chorcaí. Níos déanaí bhí Ní Chéileachair ina léachtóir le hamhránaíocht sean-nóis in UCC. Thosaigh sí ag canadh go poiblí in 1993. Ghlac sí páirt sa chomórtas ag Oireachtas na Samhna den chéad uair in 1997. Bhuaigh sí Corn Mháire Nic Dhonnchadha agus Corn na mBan. Ghnóthaigh sí an dara háit i gCorn Uí Riada seacht n-uaire sular bhuaigh sí an Corn in 2018. Bhronn TG4 gradam “Amhránaí na Bliana” uirthi in 2018 freisin. Tá dhá albam taifeadta aici, agus glacann sí páirt i bhféilte ceoil i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, ina measc an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin, an Fhrainc, Ceanada agus na Stáit Aontaithe.[1][2][3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Claudia Aurora, Máire Ní Chéileachair & Nell Ní Chróinín - Irish Sean Nós meet Portuguese Fadó”. triskelartscentre.ie.
- ↑ “Máire Ní Chéileachair - Sean-nós Song”. Milwaukee Irish Fest Summer School (2020-04-21). Dáta rochtana: 2020-05-05.
- ↑ “A Great Big Cork Folk Festival, Thank You, Go raibh mile maith agaibh | Cork Folk Festival - Cork, Ireland 1st-4th October 2020”.