Máire Ní Shúilleabháin

múinteoir agus státseirbhíseach Éireannach

Múinteoir agus gníomhaí Gaeilge ba ea Máire Ní Shúilleabháin. Rugadh í ar 2 Feabhra 1884 i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir.[1] Bhí sí ar na timirí Gaeilge a ceapadh faoin mBord Náisiúnta Oideachais sa bhliain 1907 agus gan aon bhean eile ina cuideachta. Bhain sí le gluaiseacht nua an náisiúnachais teanga a raibh Conradh na Gaeilge sáite inti, agus bhí fonn mór uirthi an Ghaeilge a chur á múineadh mar ábhar sna scoileanna.

Infotaula de personaMáire Ní Shúilleabháin
Beathaisnéis
Breith2 Feabhra 1884
Sráid na Cathrach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Iúil 1914
30 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir, státseirbhíseach Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Duine muintearthaMicheál Ó Súilleabháin (uncail) Cuir in eagar ar Wikidata

Dúirt Daonáireamh 1901 gurbh í Úna Ní Mharanáin a máthair agus go raibh Seán Ó Súilleabháin, a hathair, ina shiopadóir. Bhí Gaeilge agus Béarla acu beirt, ach Béarla amháin a bhí ag beirt de na páistí ab óige (Alice agus John), agus ba í Máire amháin, an duine ba shine den chlann, a shaothraigh an Ghaeilge. Chuaigh Máire ar scoil i nGaillimh agus ansin i mBaile Átha Cliath. D’fhan sí ann lena huncail Michael agus a bhean chéile Alice; b’as Contae an Chláir do Michael agus é gan Ghaeilge, ar nós Alice. Bhí sí ar lóistín acu fós sa bhliain 1911; faoin am sin bhí BA aici.

Bhí cáil uirthi mar oibrí dícheallach. Dúradh fúithi gurb éard a bhí uaithi leanaí a chur ag labhairt na teanga agus nach labhródh sí ach Gaeilge leo mar mhodh teagaisc. Chaith sí ceithre bliana ag obair don Bhord sular theip ar a sláinte, agus thug sí Brisbane na hAstráile uirthi féin, áit ar lean sí uirthi ag múineadh Gaeilge do pháistí na n-imimirceach Éireannach.

Fuair sí bás ar an 14 Iúil 1914 agus thug An Claidheamh Soluis agus an Clare Journal cuntas ar an scéal. Luadh an obair róchrua mar chúis a báis.

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar