Mícheál Ó Duibhir (peileadóir)
Iarpheileadóir Gaelach agus iarbhainisteoir ba ea Mícheál Ó Duibhir nó Mick O'Dwyer 9 Meitheamh 1936 - 3 Aibreán 2025 sa Choireán).[1] Meastar go raibh sé ar dhuine de na peileadóirí agus bainisteoirí is fearr sa spórt riamh.[2] Le linn tréimhse bainistíochta a mhair beagnach 40 bliain ag an leibhéal idirchontae, bhuaigh O’Dwyer 13 chraobh Sinsear Cúige agus 8 gcraobh Sinsear Peile Uile-Éireann.[3]
![]() (2012) ![]() | |||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 9 Meitheamh 1936 An Coireán, Éire ![]() | ||||||||||||||||
Bás | 3 Aibreán 2025 88 bliana d'aois Neidín, Éire ![]() | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | imreoir peile Gaelaí, adhlacóir ![]() | ||||||||||||||||
Spórt | peil Ghaelach ![]() | ||||||||||||||||
|



CLG
cuir in eagarSna 1950idí, d’imir 'Micko' don Ríocht ag leibhéal na Mionúr agus na Sóisearach & ina dhiaidh sin, d’imir sé a chéad chluiche Sinsear sa bhliain 1957.[3] Sár-imreoir iltréitheach a bhí ann a thosaigh amach mar leathchúlaí cliatháin agus a chríochnaigh mar lántosaí sa chúinne. D’imir Mick O’Dwyer 48 uair sa chraobh do Chiarraí idir 1957-1972 agus bhuaigh sé ceithre bhonn uile-Éireann, i 1959, 1962, 1969 agus 1970. D’imir sé i gcluiche ceannais na hÉireann naoi n-uaire.[4] Nuair a chríochnaigh mar imreoir in 1972, bhí 12 bhonn Peile Sinsear na Mumhan buaite ag Mick, chomh maith le 7 dteideal sa tSraith Náisiúnta Peile. Ag leibhéal an chlub, bhuaigh Mick 3 Chraobh Contae le Ciarraí Theas agus 8 gCraobhchomórtas Chiarraí Theas le CLG an Choireáin.
Bainisteoir
cuir in eagar'Micko' a bhí i bhfeighil fhoireann Chiarraí le linn ré órga na Ríochta idir na blianta 1975 agus 1989, tréimhse ina bhuadar ocht gcorn uile-Éireann, dhá chorn déag Mumhan agus 3 chraobh Uile-Éireann Faoi 21 as a chéile. Idir 1975 agus 1989 d’imir peileadóirí Chiarraí 51 cluiche craoibhe. Níor chailleadar ach seacht gcinn acu.
Bhuaigh a fhoireann ceithre chraobh na hÉireann as a chéile idir 1978-1981 agus ba dhóbair gur éirigh leo an cúigiú ceann a bhuachan an bhliain dár gcionn nuair a fuair Uíbh Fhailí an ceann is fearr orthu ar éigean a bhuíochas le cúl déanach Séamus Darby. Bhí briseadh croí ag baint leis an gcluiche agus ghoill sé go mór ar O’Dwyer ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin. Seans gurb é an gaisce is mó a dhein sé áfach ná an fhoireann a ghríosadh arís chun trí chraobh eile as a chéile a bhuachan idir 1984-1986.[4]
Bhí sé in iomaíocht ghéar le Baile Átha Cliath agus a alterego Kevin Heffernan. Ba mhinic na Ciarraígh an uair úd i ndeabhaidh chosbháire le sárfhoireann Bhaile Átha Cliath a raibh Kevin Heffernan ina ceannas, cluichí atá greanta go domhain agus go snoite i gcloch oiris Chumann Lúthchleas Gael.[5]
Nuair a bhí tromlach na heagraíochta lenar bhain siad cáinteach ar pheileadóirí Chiarraí as feisteas Adidas a chaitheamh i gCluiche Ceannais na Mumhan i 1982 agus nuair a bhíothas ag scigmhagadh fúthu as seasamh ar chúl meaisín níocháin de chuid Bendix ina dhiaidh sin, sheas sé lena chuid imreoirí agus sheasadar-san leis.[2]
Cé gur Ciarraíoch dílis go smior a bhí ann, bhí tóir ar a ardchumas i gcontaetha eile leis agus mealladh é ag foirne nach raibh ag cruthú go maith le súil go ndéanfadh sé leann den bhraich, siúd is go mb'fhear é a staon riamh ón deoch mheisciúil. Leathnaigh scileanna bainistíochta O’Dwyer thar theorainneacha Chiarraí sna blianta ina dhiaidh sin le tréimhsí i gCill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus an Clár, ag buachaint 3 theideal Peile Sinsear Laighean le Cill Dara (2) agus Laois.[3] Go deimhin, bhain Cill Dara Craobh Laighean i 1998 agus in 2000 faoi lámh stiúrtha Mick O'Dwyer agus chuaigh an fhoireann sin chomh fada le cluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 1998, tráth a fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu le ceithre chúilín.[5]
Thug sé cúig bliana mar bhainisteoir ar Chill Mhantáin agus d’éirigh leis Corn Tommy Murphy a bhuachan leo in 2007. D’fhág bua Chill Mhantáin ar Fhear Manach i gcraobh 2009 go raibh an ceann is fearr faighte ag O’Dwyer ar gach contae sa tír mar bhainisteoir. Thug sé bliain amháin mar bhainisteoir ar chontae an Chláir in 2013, an bhliain chéanna gur éirigh sé as agus é 76 bliain d’aois.
Pearsanta
cuir in eagarRugadh O’Dwyer sa Choireán sa bhliain 1936. Chaith Micko cuid mhaith dá óige i dteach a sheanmháthar agus go mba chainteoir dúchais Gaeilge ab ea ise.
Is mar óstóir agus adhlacóir sa Choireán a shaothraigh Mick O'Dwyer a bheatha.
Bhásaigh a chéad bhean chéile Mary Carmel in 2012 agus phós sé Geraldine Shields in 2023. Fuair Micko bás sa Choireán ar an 3 Aibreán 2025.[1] Bhí sé 88 bliain d’aois. Maireann a chlann mhac John, Robbie agus Karl. Bhásaigh roimhe mac eile, Michael.[5]
Ina bhainisteoir
cuir in eagar- Ciarraí (1975-1986)
- Cill Dara (1991-1994, 1998-2002)
- Laois (2003-2006)
- Cill Mhantáin (2006-2011)
- An Clár (2013)
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Death Notice of Michael (Micko) O' Dwyer (Waterville, Kerry) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-04-04.
- ↑ 2.0 2.1 Mártan Ó Ciardha (4 Aibreán 2025). "Bhí ómós an domhain ag a chuid imreoirí do Mhick O’Dwyer agus aigesean dóibh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-04.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Munster.GAA (2025-04-03). "Mick O’Dwyer RIP - Munster GAA" (ga-IE). Munster GAA - Áras Mumhan. Dáta rochtana: 2025-04-04.
- ↑ 4.0 4.1 "‘Bhí an t-ádh le Ciarraí agus linn go léir go raibh sé againn’ – Mick O’Dwyer, fathach na peile, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-03). Dáta rochtana: 2025-04-04.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2025-04-03). "Iarbhainisteoir peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis" (as ga-IE).