Mícheál Ó Duibhir (réabhlóidí)

náisiúnaí Éireannach

Náisiúnaí Éireannach ba ea Mícheál Ó DuibhirMichael Dwyer (1772 - 23 Lúnasa 1825) agus ceannaire chraobh Chill Mhantáin de na hÉireannaigh Aontaithe, páirteach in Éirí Amach 1798.[1]

Infotaula de personaMícheál Ó Duibhir

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1772
Bás1825
52/53 bliana d'aois
Learpholl, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gairm mhillteach
GéillsineCumann na nÉireannach Aontaithe
CoinbhleachtÉirí Amach 1798 in Éirinn

Find a Grave: 12173 Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis an Éirí Amach, bhí Dwyer agus a chuid comrádaithe mar a bheadh bior sa mbeo ag na Sasanaigh i ngleannta agus sléibhte Chill Mhantáin, go dtí gur chuir sé deireadh leis an troid in 1803 nuair a chlis ar Éirí Amach Roibeard Emmet.[2]

Díbríodh é, ó Chill Mhaighneann go dtí an Astráil, agus a theaghlach ina theannta. Tar éis dó a théarma príosúnachta a chríochnú, liostáil sé san fhórsa póilíneachta amuigh ann.[3]

sa tóir ar Dwyer, le William Sadler the Younger, 1803, NGI

Réabhlóidí cuir in eagar

 
cuimhneachán Dwyer i mBealach Conglais inniu[4]

Nuair a theip ar an Éirí Amach 1798 chúlaigh sé le buíon fear go Gleann Ó Máil,[5] agus throid siad ar feadh cúig bliana eile i Sléibhte Chill Mhantáin go dtí mí na Nollag 1803, nuair a theip ar éirí amach Robert Emmet i mBaile Átha Cliath.

Bhí ag éirí chomh maith sin le feachtas Uí Dhuibhir go raibh ar na húdaráis an Bóthar Míleata i gContae Chill Mhantáin (atá fós ann) a thógáil ón chathair isteach sna sléibhte, agus cúig bheairic air, sula raibh siad ábalta é a ghabháil.

Tar éis mórán eachtraí d'aontaigh Ó Duibhir go ngéillfeadh sé a fhad is go dtabharfaí saorchead dó féin agus dá chuid fear go Meiriceá (seachas é a dhaoradh chun báis, rud a bhí i ndán do mhórán eile de réabhlóidithe na linne). Ach cuireadh i bPríosún Chill Maighneann é agus as sin chun na hAstráile é, lena bhean agus beirt chlainne.[1]

 
cuimhneachán Dwyer i mBealach Conglais inniu[4]

San Astráil cuir in eagar

Díbríodh Dwyer sa bhliain 1805, ó Chill Mhaighneann go dtí an Astráil, agus cuid den teaghlach ina theannta.[3] Ní mó ná sásta a bhí sé faoi sin. Bhain sé an Astráil amach in 1806 agus tugadh 100 acra talún dó in Cabramatta in aice le Sydney.

Bhí deacrachtaí aige leis na húdaráis arís. Cuireadh go hOileán Norfolk é ar feadh tamaill ach tugadh pardún dó agus d'fhill sé ar an fheirmeoireacht.

Bhí sé i gceannas ar na póilíní i gceantar in aice le Sydney, ach briseadh as a phost é mar gheall ar a chuid óil. Bhí teach tábhairne aige ar feadh tamaill chomh maith, ach níor éirigh go maith leis. Bhí talamh á cheannach agus á dhíol aige ansin agus rinne sé go leor airgid chun teach phobail (séipéal) a thógáil.

Cinneadh gurbh fhéimheach é i mí na Bealtaine 1825 agus cuireadh i bpríosún é. Ach tháinig dinnireacht air i bpríosún, Ní raibh sé ach 53 nuair a cailleadh é ar 23 Lúnasa 1825 in Liverpool, Sydney ina bhaile féin.

Níor fhill sé ar Éirinn riamh. Rugadh triúr clainne leis san Astráil agus tháinig beirt eile, a fágadh in Éirinn nuair a díbríodh é, go dtí an Astráil ach níor bhain siad Sydney amach go dtí seachtain tar éis a bháis. I 1898 nochtadh leacht mór ar a uaigh i reilig Waverley, Sydney. os comhair 200,000 duine.

Féach freisin cuir in eagar





Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Dwyer, Michael | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-08-23.
  2. Dáithí Ó Colchúin (Bealtaine 2001). "Michael Dwyer san Astráil" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-08-23.
  3. 3.0 3.1 "Díbirt | Kilmainham Gaol Museum" (ga). Dáta rochtana: 2023-08-23.
  4. 4.0 4.1 FUSIO. "Main Street, BALTINGLASS EAST, Baltinglass, WICKLOW" (en-US). Buildings of Ireland. Dáta rochtana: 2023-08-23.
  5. "Gleann Ó Máil/Glen of Imail" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-08-23.