Is oileán beag san Aigéan Ciúin é Oileán Norfolk (sa teanga Norfolk: Norfuk Ailen) agus é suite idir an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Nua-Chaladóin. Tá an t-oileán mar pháirt de Chomhlathas na hAstráile, ach tá méid áirithe féin-rialtais ann. Is críoch sheachtrach na hAstráile é, in éineacht le dhá oileán cóngarach dó. Is é péine Oileán Norfolk siomból an oileáin, é á léiriú ar bhratach an oileáin. Tá an crann dúchasach don oileán, agus tá sé éirithe coiteann mar chrann maisithe coiteann san Astráil freisin, áit ina fhásann dhá speiceas gaolmhara léi.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilOileán Norfolk
Norfolk Island (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnGod Save the King Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Inasmuch» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 29°02′00″S 167°56′59″E / 29.0333°S 167.9497°E / -29.0333; 167.9497
Stát ceannasachan Astráil Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairKingston Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,188 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús63.24 hab./km²
Teanga oifigiúilBéarla
Norfuk Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla34.6 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachNorfolk Legislative Assembly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach Oileán Norfolk Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraDollar na hAstráile Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistNSW 2899 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.nf Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+6723 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreNF Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáininfo.gov.nf Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Oileán Norfolk lonnaithe ag marnéiligh thoir-Pholainéiseacha ar dtús. Tháinig siad seo ó na hOileáin Kermadec (taobh ó thuaidh ó Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne. Shroich siad an t-oileán sa 14ú nó 15ú haois, agus mhair siad ann ar feadh roinnt glúinte sular imigh siad ón oileán.

Ba é an Captaen James Cook an chéad Eorapach fiosrach chun an oileán a fheiscint (i 1774), ar a dhara aistear go dtí deisceart an Aigéin Chiúin. Bhí an t-oileán ainmnithe tar éis an Bhaindiúc Norfolk sa Bhreatain, bean chéile Éadmhard Hobháird, an 9ú Diúc Norfolk (1685-1777).

Dúirt an tUasal John Call gurbh iad buntáistí an oileáin ná gurbh oileán neamháirtrithe é agus gur fhás líon ann. I 1786, d'áirigh Pharlamaint na Breataine Oileán Norfolk mar lonnaíocht cúntach, mar a dúirt John Call, ina phlean coilínithe do New South Wales. Glacadh an cinneadh chun lonnú ar Oileán Norfolk mar gheall ar chinneadh Banimpire Caitríona na Rúise chun an díoladh cnáibe a srianadh. Go praiticiúil, tháinig an cnáib agus líon go léir a d'úsáid an Cabhlach Ríoga do théadra agus mar anairt seoil ón Rúis.

Nuair a shroich an Chéad Flít Bhriotanach Port Jackson (Cuan Sydney san Astráil) i mí Eanáir 1788, d'ordaigh Gobharnóir Arthur Phillips don Leifteanant Phillip Gidley King grúpa de 15 coirpeach agus 7 saorfhir a thógáil chun seilbh Oileán Norfolk a ghacadh agus é a fháil réidh le haghaidh forbairt thráchtála. Shroich siad an t-oileán ar an 6ú Márta 1788.

I rith an chéad bhliain den lonnaíocht (glaodh Sydney uirthi i ndiaidh phríomhchathar na hAstráíle), seoladh níos mó coirpeach agus saighdiúirí ann ó New South Wales.