Mígréin
Is ionann mígréin[1] agus staid sa duine daonna ina mbíonn idir ghnáthphian agus drochphian eipeasóideach ar thaobh amháin den chloigeann. Is minic a dhéanann daoine a bhíonn ag fulaingt léi cur síos uirthi mar phian ina mbíonn broidearnach i gceist. Maireann sí ar feadh uaireanta nó fiú laethanta, ach bíonn tréimhsí ann nach mbíonn pian ar bith i gceist leo idir na ruaigeanna. Nuair a thosaíonn mígréin d’fhéadfadh suaite amhairc teacht in éineacht léi – ‘luan’ (cuireann seo isteach ar 20% de na daoine).
De ghnáth éiríonn an tinneas cinn níos measa má dhéanann an duine gluaiseacht nó gníomhaíocht fhisicúil. D’fhéadfadh masmas, urlacan, buinneach, mearbhall agus, i gcásanna áirithe, pairilis shealadach nó caillteanas urlabhra a bheith ann.
Tuairiscítear go mbíonn íogaireacht don solas, do thorann agus do bholaithe láidre. Ceaptar go dtarlaíonn na comharthaí sóirt de bharr athruithe sna fuileadáin sa chloigeann, ach ní fios go fóill cén fáth go dtarlaíonn na hathruithe seo. Is galar oidhreachtúil í an mhígréin i dtuairim is 60% de na cásanna, agus fulaingíonn gach aoisghrúpa, páistí atá chomh hóg le 12 mhí san áireamh. Faigheann trí huaire níos mó ban ná fir mígréin, go hiondúil de bharr athruithe hormónacha. Braitheann an chóir leighis le minicíocht agus déine na mígréine.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): mígréin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-06-20.