Mórbhealach Idirstáit 80

Mórbhealach tras-ilchríochach bealach isteach teoranta sna Stáit Aontaithe is ea Mórbhealach Idirstáit 80. Téann sé ó Teaneck, New Jersey, i gceantar Chathair Nua-Eabhrac, go lár San Francisco, California. Ceapadh é sa bhliain 1956 mar cheann de na chéad bhealaigh sa Chóras Mórbhealach Idirstáit. Osclaíodh an chuid dheireanach de sa bhliain 1986.

WD Bosca Sonraí BótharMórbhealach Idirstáit 80

Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir80
LíonraInterstate Highway System (en) Aistrigh
Cineálbóthar
Insealbhú1956
Fad4,666.36 km
Bealach
Stáit
Áiteanna trasnaithe

Tús / Deireadh
Nasc le Interstate 95 (en) Aistrigh (Oirthear)
U.S. Route 101 (en) Aistrigh (Iarthar) Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil bhóithre

Tá Mórbhealach Idirstáit 80 nó Interstate 80 (I-80) 2,899.54 míle nó 4,666.36 ciliméadar ar fad. An dara mórbhealach is faide sa tír atá ann. Leanann sé cúrsa an tsean-Bhealach Lincoln, an chéad bhóthar trasna na Stát Aontaithe, a bheagán nó a mhórán. Leanann sé Conair Oregon trasna Wyoming agus Nebraska, agus Conair California trasna an chuid is mó de Nevada agus California. Is bóthar dola é in áiteanna i Meániarthar na tíre, mar atá, in Indiana agus Ohio.

An taobh thoir de Mhórbhealach Idirstáit 80 ina aice le Teaneck, New Jersey
I-80 in iarthar Iowa
I-80 in aice le San Francisco

Tagairtí cuir in eagar