Mórstáisiún Bhéal Feirste
Stáisiún traenach agus bus i lár chathair Bhéal Feirste, Tuaisceart Éireann is ea Mórstáisiún Bhéal Feirste.[1][2] Tá an mol iompair, tairseach Bhéal Feirste, suite sa cheantar ‘Cros na bhFíodóirí’[3] i lár na cathrach (crosbhealach Bhóthar Grosvenor agus Shráid Durham).
Mórstáisiún Bhéal Feirste | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Stáisiún traenach teorann, stáisiún bus, stáisiún traenach, stáisiún os cionn talún agus transport hub (en) | |||
Ailtire | John McAslan | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | in úsáid | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Béal Feirste, Northern Ireland | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Cuideachta Shealbhaíochta Iompair Thuaisceart Éireann | |||
Oibreoir | Iarnród Thuaisceart Éireann, Iarnród Éireann agus Bus Uladh | |||
Stair
cuir in eagarOsclaíodh an stáisiún céim ar chéim idir Meán Fómhair - Deireadh Fómhair 2024. Chosain an mol iompair €403 milliún in iomlán.[4] Tógadh é in aice leis an sean-stáisiún bus "Europa" agus Stáisiún Mhór-Shráid Victoria.
Gaeilge
cuir in eagarGhlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí Aibreáin 2024 le rún ag éileamh comharthaíocht Ghaeilge ag an mhol iompair nua. Mhol an Chomhairle do Translink, a bhí i mbun na forbartha, go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach laistigh agus lasmuigh den stáisiún. In ainneoin go raibh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus lucht feachtais ag éileamh go mbeadh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil sa mhórstáisiún nuair a osclaíodh é, cinneadh cur chuige aonteangach a chur i gcrích agus thaobhaigh Translink le cur chuige aonteangach.[4][5]
Bhí lucht na teanga i mbun agóide i mBéal Feirste i mí Mheán Fómhair 2024 faoin gcinneadh gur comharthaíocht i mBéarla amháin atá i Mórstáisiún Láir na cathrach.[6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ ""Mórstáisiún Bhéal Feirste"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-09-12.
- ↑ nó Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste. I mBéarla, Belfast Grand Central Station.
- ↑ i mBéarla, ‘Weavers Cross’
- ↑ 4.0 4.1 "Aire ag súil go n-athrófar córas aonteangach Béarla Mhórstáisiún nua Bhéal Feirste" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-09). Dáta rochtana: 2024-09-12.
- ↑ "Pobal na Gaeilge ‘a bhrú go cúl an bhus’ i mórionad taistil nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-06). Dáta rochtana: 2024-09-12.
- ↑ "‘Treoir láidir oifigiúil’ de dhíth ón aire chun stop a chur le ‘veto’ ar chearta teanga i mórstáisiún iompair nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-12). Dáta rochtana: 2024-09-12.