Major League Soccer
Sraith sacair Mheiriceánach is ea Major League Soccer (MLS) a thosaigh i 1996. Amhail an séasúr 2019 atá le teacht, beidh 24 foireann ag imirt sa léig. Tá dhá fhoireann eile beartaithe le tosú ag imirt i 2020. Is é coimisinéir na sraithe Don Garber.
Is sraithe iomlán gairmiúil é MLS, a bunaíodh sna Stáit Aontaithe, le 24 foireann, agus tá trí cinn acu lonnaithe i gCeanada, agus is é an tsraith sacair is fearr sa dá thír. Tá na moltóirí faofa ag an United States Soccer Federation agus ag an Canadian Soccer Association, a reáchtálann an spórt sa dá thír. Is baill de FIFA iad U.S. Soccer agus an CSA, a rialaíonn gach súgradh idir foirne náisiúnta agus a shocraíonn na rialacha don spórt mar aon le comhlachtaí rialaithe náisiúnta Shasana, Thuaisceart Éireann, na hAlban agus na Breataine Bige.
Bunaíodh MLS i 1993 mar shraith ghairmiúil, agus tosaíodh ag imirt le 10 bhfoireann i 1996. Tosaíonn séasúr rialta MLS ag deireadh mhí an Mhárta agus críochnaíonn sé i mí Dheireadh Fómhair, le gach foireann ag imirt 34 cluichí. Tar éis an tséasúir rialta bíonn comórtas playoff 12-fhoireann chun an curadh sraithe a chinneadh.
Foirne
cuir in eagar- Atlanta United FC
- Colorado Rapids
- Columbus Crew SC
- Chicago Fire
- D.C. United
- F.C. Cincinnati
- F.C. Dallas
- Houston Dynamo
- Los Angeles FC
- Los Angeles Galaxy
- Minnesota United FC
- Montreal Impact
- New England Revolution
- New York City F.C.
- New York Red Bulls
- Orlando City S.C.
- Philadelphia Union
- Portland Timbers
- Real Salt Lake
- San Jose Earthquakes
- Seattle Sounders F.C.
- Sporting Kansas City
- Toronto F.C.
- Vancouver Whitecaps
Iarfhoirne
cuir in eagar- Tampa Bay Mutiny (1996-2001)
- Miami Fusion (1998-2001)
- Chivas USA (2005-2014)
Foirne Amach Anseo
cuir in eagar- Inter Miami CF – Úinéireacht i bpáirt ag iar-réalta foirne Sasana David Beckham, fógraíodh an fhoireann go hoifigiúil mar bhall nua de chuid MLS in 2018. Tá pleananna ann don fhoireann tús a chur le himirt i 2020 ag staidiam sealadach agus bogadh isteach i staidiam nua i Miami in 2021.
- Nashville SC – Bhronn MLS saincheadúnas go hoifigiúil ar Nashville, Tennessee in 2018. Tosóidh an fhoireann ag imirt ag Nissan Stadium, baile do Tennessee Titans an NFL, in 2020, agus osclóidh sé a staidiam nua féin in aice le lár Nashville in 2021.
- Austin FC – Bhronn MLS saincheadúnas go hoifigiúil ar Austin, Texas in Eanáir 2019, go gairid tar éis do Anthony Precourt, a bhíodh ina úinéir ar Columbus Crew SC, an Crew a dhíol le grúpa faoi cheannas úinéirí Cleveland Browns an NFL. Tosóidh an fhoireann ag imirt i 2021 ag staidiam nua á thógáil i dtuaisceart Austin.
Buaiteoirí MLS Cup
cuir in eagarSéasúr | Buaiteoirí | Dara háit |
1996 | DC United | Los Angeles Galaxy |
1997 | DC United | Colorado Rapids |
1998 | Chicago Fire | DC United |
1999 | D.C. United | Los Angeles Galaxy |
2000 | Kansas City Wizards | Chicago Fire |
2001 | San Jose Earthquakes | Los Angeles Galaxy |
2002 | Los Angeles Galaxy | New England Revolution |
2003 | San Jose Earthquakes | Chicago Fire |
2004 | D.C. United | Kansas City Wizards |
2005 | Los Angeles Galaxy | New England Revolution |
2006 | Houston Dynamo | New England Revolution |
2007 | Houston Dynamo | New England Revolution |
2008 | Columbus Crew | New York Red Bulls |
2009 | Real Salt Lake | Los Angeles Galaxy |
2010 | Colorado Rapids | FC Dallas |
2011 | Los Angeles Galaxy | Houston Dynamo |
2012 | Los Angeles Galaxy | Houston Dynamo |
2013 | Sporting Kansas City | Real Salt Lake |
2014 | Los Angeles Galaxy | New England Revolution |
2015 | Portland Timbers | Columbus Crew SC |
2016 | Seattle Sounders FC | Toronto FC |
2017 | Toronto FC | Seattle Sounders FC |
2018 | Atlanta United FC | Portland Timbers |
Tagairtí
cuir in eagar- Best Players in Major league Soccer (MLS) in 2012. hub, n.d. Web. 18 Dec. 2012.
- Major League Soccer. Princeton, n.d. Web. 18 Dec. 2012.
- An Overview of American Soccer History. Curtha i gcartlann 2016-03-05 ar an Wayback Machine Dave Litterer, n.d. Web. 18 Dec. 2012.
- Soccer Politics / The Politics of Football. Duke University, n.d. Web. 18 Dec. 2012.