Maciej Karasiński

taidhleoir Polannach

Oifigeach agus taidhleoir Polannach is ea Maciej Karasiński (rugadh sa bhliain 1977 i Vársá[1] é). Ó 2021 ar aghaidh, tá sé ina Ard-Stiúrthóir in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Polainne.

Infotaula de personaMaciej Karasiński

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1977
46/47 bliana d'aois
Vársá, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Director General of the Foreign Service (en) Aistrigh
13 Aibreán 2021 – 13 Nollaig 2023
← Andrzej Papierz (en) AistrighRafał Wiśniewski (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPríomhscoil Ghnó Vársá - magister degree (en) Aistrigh (1996–2001) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Pholainnis
Gníomhaíocht
Gairmtaidhleoir, státseirbhíseach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Fhraincis, an Rúisis agus an Pholainnis

Curriculum vitae cuir in eagar

Fuair Maciej Karasiński céim le céadonóracha i gcaidreamh idirnáisiúnta eacnamaíoch agus polaitiúil ó Scoil Eacnamaíochta Vársá (1996-2001). Rinne sé staidéar freisin ag Institiúid Clingendael sa Háig (2004) agus ag Scoil Náisiúnta an Riaracháin Phoiblí sa Pholainn (2004-2005).[2]

In 2011, thosaigh sé a chuid oiliúna taidhleoireachta agus consalaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Polainne. Ó 2002 go 2003, rinne sé intéirneachtaí in Washington agus Nua-Eabhrac. Ó 2003 go 2005, bhí sé ag obair i Rannóg na hEorpa san Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus é freagrach as caidreamh leis an Laitvia, leis an Eastóin agus leis an bhFionlainn. In 2005, rinneadh Rúnaí Cúnta Stáit de, bliain ina dhiaidh sin d’aistrigh sé go dtí an post le haghaidh cúrsaí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn. Ó 2007 go 2012, bhí sé ag obair in Ambasáid na Polainne chuig an Ísiltír sa Háig, lena n-áirítear mar leas-ionadaí don Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha. Idir 2012 agus 2014, bhí sé ag obair mar chomhairleoir agus príomhchomharleoir i Rannóg an Bheartais Slándála, agus é freagrach as comhar slándála le Stáit Aontaithe Mheiriceá[3]. Sa tréimhse idir 2014 agus 2019, bhí sé ag obair i mBuanionadaíocht Phoblacht na Polainne chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil, áit a bhí sé ag feidhmiú, inter alia, mar ionadaí de chuid Phoblacht na Polainne ar an gCoiste Polaitiúil agus Slándála. In 2019, chuaigh sé ar ais go dtí an Aireacht Gnóthaí Eachtracha i Vársá, áit ar ghlac sé le post mar Leas-Stiúrthóir, agus ansin Stiúrthóir, ag Oifig an Aire[4]. Ón 13 Aibreán 2021, bhí sé ag obair mar Ard-Stiúrthóir de chuid na hAireachta Gnóthaí Eachtracha.[5]

Labhraíonn sé Polainnis, Béarla, Fraincis agus Rúisis.[6]

Tagairtí cuir in eagar