Madame Lazare (Tadhg Mac Dhonnagáin)

úrscéal le Tadhg Mac Dhonnagáin

Úrscéal le Tadhg Mac Dhonnagáin is ea 'Madame Lazare', foilsithe sa bhliain 2021 don chéad uair. Is é an comhlacht foilsitheoireachta aitheanta Futa Fata agus Barzaz, inphrionta nua de chuid an chomhlachta sin, a d’fhoilsigh Madame Lazare.[1]

WD Bosca Sonraí LeabharMadame Lazare
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarTadhg Mac Dhonnagáin Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2021 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Tadhg Mac Dhonnagáin
Leacht chuimhneacháin in Klooga, An Eastóin

Baineann plota an úrscéil le bean óg a dhéanann iarracht tuiscint a fháil ar rúndiamhair shaol a seanmháthar, a theith ón Eastóin sna 1930idí chun géarleanúint na Naitsithe ar Ghiúdaigh a éalú.[2] "Is leabhar é faoi chúrsaí cuimhne, na rudaí a gcuimhníonn daoine orthu, nach rudaí nach bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ag cuimhneamh orthu, agus an chaoi a dtagann rudaí aniar ó chúl na cuimhne, uaireanta i ngan fhios do dhaoine agus uaireanta in ainneoin a gcuid iarrachtaí rudaí a choinneáil faoi chois,” a dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin.[3]

Thóg sé thart ar cúig bliana an t-úrscéal a scríobh. "ag foghlaim teicnící a bhaineann leis an úrscéal. Bhí mé ag teacht ag an úrscéal mar chineál printíseach.”[3]

Cuan na Gallimhe

Beirt bhan, mamó agus a gariníon agus an caidreamh céasta atá eatarthu croí an leabhair seo, bean óg, Levana, a tógadh ina Giúdach i bPáras agus a seanmháthair, Hana Lazare, nó Madame Lazare, a thóg í.

Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Theith a seanmháthair, Hana, agus í ina cailín óg óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa (an Eastóin), is cosúil. Bhí Hana an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah.

Nó sin an tuiscint a bhí ag Levane ó bhí sí óg. Creideann Levana gur theith Hana ó na Naitsithe aimsir an Chogaidh, gur maraíodh gach aon duine a bhain léi sa gcogadh, gur tháinig sí féin slán agus nach raibh sí ag iarraidh a bheith ag caint faoi.

Ach i ndeireadh a saoil, éiríonn an tseanbhean cineál scaipthe ina hintinn agus tosaíonn blúirí eolais ag teacht uaithi.

Fiosracht na hóige ag spochadh na mná óige le ceisteanna go leor a chur ar Mhamó, ceisteanna nach mian léise a fhreagairt.

Nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile.

Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. Giúdach a d’éalaigh as an Eastóin sula ndíothófaí í, arb as an scéin sin a tháinig an drogall atá uirthi a scéal a inseacht? Cén fáth nach bhfuil sí ina Giúdach chomh dúthrachtach deabhóideach céanna lena hiníon, a mharaigh an ailse, agus a gariníon óg atá faoina cúram féin is a fir ina seanaois?

De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann (Árainn), druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare. Tráthúil go leor, tá aistritheoir Gaelach na Bruiséile, in ann cabhrú léi cuid dá cuid rún a aimsiú le cabhair Bhailiúchán na Scol.[4]

Bhí an gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Madame Lazare ag na An Post Irish Book Awards.[5] agus duais liteartha an Oireachtais chomh maith.[6]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar