Madog Crypl

Prionsa Powys

De shliocht Prionsaí Powys Fadog agus Tiarnaí Dinas Bran ab ea Madog Crypl (nó Madog Crippil) (c. 12751304). Tugtar Madog III air uaireanta, ámh ní raibh sé ina thiarna ach cuid de thailte na teaghligh faoi smacht choróin Shasana.

Infotaula de personaMadog Crypl
Beathaisnéis
Breith1275
Bás1304
28/29 bliana d'aois
Teaghlach
PáisteGruffudd Fychan, Madog Fychan, Margred ferch Madog Crupl ap Gruffudd Farwn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGruffydd Fychan I  agus Margaret ferch Rhys Ieunac

Bhí sé ina fhear óg nuair a d’éag a athair Gruffydd Fychan sa bhliain 1289, agus dá bhrí sin cuireadh a chuid tailte i ngéibheann na Banríona, ansin Reginald de Grey ina diaidh, agus Thomas Macclesfield ina dhiaidh. D’iarr Madog ap Gruffydd ar an Rí lón feiliúnach a thabhairt dó, agus dealraíonn go raibh sé tugtha – thug an Rí tailte a athar dó. De réir dealramh, bhí Glyn Dwfrdwy in Edeirnion, agus leath cwmyd Cynllaith san áireamh (an cheantar timpeall Sycharth. Phós Madog Gwenllian, iníon Ithel Fychan as Halkin, agus rugadh mac amháin, Gruffydd Rhuddallt, a pósadh ar an 8 Iúil 1304, agus é sé bliain d’aois le Elizabeth, iníon John LeStrange as Knockin. Cailleadh Madog sa bhliain chéanna ina mhainéar, Rhuddallt, b’fhéidir i Glyn Dyfrdwy.[1]

  1. J. E. Lloyd, Owen Glendower: Owen Glyn Dŵr (Clarendon Press, Oxford, 1931), 11-13.