Tuath na meánaoise suite i gContae Ros Comáin an lae inniu ba ea Magh LoirgMagh Lorg an Daghda (Meán-Ghaeilge Mag Luirg). Tuath de ríocht na gConnacht a bhí ann idir na blianta c. 956–1585. Géag de Shíol Mhuireadhaigh ba ea ríthe Mhagh Loirg, de shliocht Uí Bhriúin Aoi, iad féin de chuid na Connachta.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMagh Loirg

Suíomh

Dia ársa na nGael ba ea an Daghdha.

Mac le Tadhg mac Cathail (rí Chonnacht 925–956) ba ea chéad rí na tuaithe, Maolruanaidh Mór mac Taidhg.

Is dóigh go raibh beart éigin déanta ag Maolruanaidh, go mbeadh sé ina rí Magh Loirg, in ionad na clainne Mhic Riabhaigh a bhí ann ó dhúchas, mar chúiteamh ar aon éileamh ar ríogacht an chúige. Clann Mhaolruanaí (níos deireanaí Mhic Dhiarmada) ba ea a mhuintir, gaolta le Uí Chonchúir, ríthe Chonnacht agus ardríthe na hÉireann ina measc.

Le fírinne, ní léir é cathain go cruinn a tharla an eachtra seo. Ní mórán cabhrach iad foinsí an iar inniu. Is léir é gur tharla an díshealbhú roimh 1400, mar s mhol Sir Cecil King-Harmon sa bhliain 1958, nó roimh 1300, mar a scríobhadh san Roscommon Herald sa bhliain 1959. Is dócha gurbh í an inscríbhinn ar Chloch Mhic Riabhaigh i Reilig Ard Carna, curtha suas c. 1930, go raibh an chlann is ina ríthe Mhagh Loirg go dtí 1255, an fhianaise is údarásaí. Tá sí ar a laghad i gcomhréir le moladh Edward MacLysaght (More Irish Families) go raibh clann Mhic Riabhaigh ina dtiarnaí Mag Loirg go dtí an 13ú haois, nuair a chuir clann Mhic Dhiarmada faoi smacht iad.

Tagairtí sna hannála cuir in eagar

  • ACM 932.2: Goill Luimnigh do ionnradh Connacht co Muigh Luircc fo thuaith, & co Badhbhghna soir.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar