Mairead Fay Sheathach

béaloideasóir agus ceoleolaí Meiriceánach

Eitneolaí ceannródaíoch Albanach–Mheiriceánach, grianghrafadóir, béaloideasóir, agus scoláire léann Ceilteach ab ea Mairead Fay Sheathach (nó Margaret Fay Shaw sa Bhéarla; 9 Samhain 1903 – 11 Nollaig 2004). Tá clú agus cáil uirthi as a cuid oibre i measc Ghaeilgeoirí na hAlban sna h-Eileannan Siar (ga:Inse Ghall), i measc phobal Ghaeilge na hAlban in Albain Nua, agus i measc Ghaeilgeoirí Chonnachta in Oileáin Árann.

Infotaula de personaMairead Fay Sheathach
Beathaisnéis
Breith9 Samhain 1903
Glenshaw, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Nollaig 2004
101 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmbéaloideasóir, ceoleolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Teaghlach
CéileJohn Lorne Campbell Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol

cuir in eagar

Rugadh Mairead, an duine ab óige de chúigear deirfiúracha, i “substantial mansion” a muintire,[1] a tógadh as brící de dhéantús baile sa bhliain 1829,[2] in Glenshaw, Pennsylvania.[3][4]

Bhí an t-áras ar thalamh ina raibh cónaí ar a clann ó chuaigh a sin-seanathair, an teilgcheártaí iarainn Albanach John Shaw, ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe i 1782, lena cheathrar mac, roinneadh a dheonú talún eatarthu, agus bhí a shloinne tugtha aige don dúiche máguaird.[5][6]

Mhair seanathair Mhairead, Thomas Wilson Shaw, Sr., le bheith sé bliana is nócha d'aois agus ba mhinic a d’insíodh sé an scéal ina sheanaois faoin gcaoi ar thóg a athair féin suas ar a ghuaillí é chun George Washington a fheiceáil ag marcaíocht ar chapall bán le linn cuairte ar Pittsburgh.[7]

Bhí seanathair athartha Mhairead, Thomas Wilson Shaw, Jr., ina mháinlia in Arm an Aontais le linn Chath Gettysburg agus d’oibrigh sé ina dhiaidh sin mar dhochtúir sluma i measc na n-inimirceach a bhí ag obair i scaglanna cruach Pittsburgh,[8] cé gur ghnóthaigh an teaghlach a chuid saibhris den chuid is mó trí infheistíochtaí críonna sa tionscal céanna.[9]

Ba chéimí de chuid Institiúid Polaiteicnice Rensselaer agus innealtóir sibhialta é Henry Shaw, athair Mhairead. Ina chroí istigh, bhí fonn príobháideach ar Henry Shaw a bheith ina ealaíontóir, ach chuir a athair féin bac ar a aisling: “[he] regarded artists as Bohemians in velvet jackets and flowing ties, supported by their parents”. Ina ionad sin, bhailigh Henry Shaw ealaín, agus rinne sé eitseálacha mar chaitheamh aimsire. Sna blianta ina dhiaidh sin, ba é an "greatest delight" a bhí aige ná "...seeing the International Exhibition of paintings that came into the Carnegie Museum once a year."[10]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Ray Perman (2013), The Man Who Gave Away His Island: A Life of John Lorne Campbell, Birlinn Limited. Lch. 48.
  2. Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Lch 1.
  3. Wilson, Brian (17 Nollaig 2004). “Obituary: Margaret Fay Shaw”. The Guardian. Dáta rochtana: 8 Márta 2020.
  4. Biography – Margaret Fay Shaw”. Tobar an Dualchais. Dáta rochtana: 8 Márta 2020.
  5. Ray Perman (2013), The Man Who Gave Away His Island: A Life of John Lorne Campbell, Birlinn Limited. Lch 48.
  6. Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Lgh 1, 4.
  7. Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Lch 3.
  8. Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Lch 4.
  9. Ray Perman (2013), The Man Who Gave Away His Island: A Life of John Lorne Campbell, Birlinn Limited. Lgh 48-49.
  10. Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Lch 3.