Maluma

amhránaí Colómach

Is amhránaí é (1994-)Juan Luis Lodoño Arias, nó Maluma mar is fearr aithne air. Is as an gColóim é agus canann sé amhráin reggaeton, amhráin trap Laidineach, agus amhráin pop. Bhain sé cáil amach sa Cholóim in 2011 lena amhráin «Farandulera» agus «Obsesión», agus bhain sé cáil amach ar fud Meiriceá Laidineach lena amhráin «La temperatura» agus «Carnaval» in 2014. D'éirigh lena chéad albam, «Magia» (2012), sa Cholóim.

Maluma
Maluma - Espaço das Américas (37591053894).jpg
Saol
Ainm iomlánJuan Luis Londoño Arias
Eolas breitheMedellín, 28 Eanáir 1994 (29 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Cholóim
Oideachas
TeangachaAn Spáinnis
an Béarla
Gairm
Gairmamhránaí, cumadóir agus aisteoir
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
[[Grammy Award for Best Latin Pop Album (en) ]]
(2021)
Daoine le tionchar air/uirthiJustin Timberlake
SloinnteMaluma
Gluaiseacht ealaínepopcheol rac
reggaeton (en) Aistrigh
trap music (en) Aistrigh
Uirlis cheoilceol gutha
Lipéad ceoilSony Music
IMDbnm8349062
maluma.online
Discogs ID3913668 agus 5065229
Instagrammaluma
Twittermaluma

BeathaisnéisCuir in Eagar

Rugadh Juan Luis Londoño Arias ar 28ú Mí Eanáir, 1994 i gcathair Medellín na Colóime. Mac Mharlli Arias agus Luis Londoño atá ann; tá deirfiúr níos sine aige darb ainm Manuela, a rinne staidéar ar an síceolaíocht agus ar an bhfealsúnacht. Chum sé an t-ainm Maluma leis an gcéad shiolla as ainmneacha an triúir.