Mamie Eisenhower
Céadbhean na Stát Aontaithe (1953–1961)
Bean chéile Dwight D. Eisenhower í Mamie Geneva Doud Eisenhower, (14 Samhain 1896 - 1 Samhain 1969). Ba chéadbhean na Stát Aontaithe í sna blianta 1953–1961 agus a fear céile ina uachtarán ar an tír.
Mamie Eisenhower | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Eanáir 20, 1953 - Eanáir 20, 1961 ← Bess Truman - Jacqueline Kennedy Onassis → | |||
Saol | |||
Eolas breithe | Boone, 14 Samhain 1896 | ||
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Bás | Washington, D.C., 1ú Samhain 1979 | ||
Áit adhlactha | Dwight D. Eisenhower Presidential Library, Museum and Boyhood Home (en) ![]() | ||
Muintir | |||
Athair | John Sheldon Doud | ||
Máthair | Elivera M. Doud | ||
Céile/Céilí | Dwight D. Eisenhower (Iúil 1, 1916 - Márta 28, 1969) | ||
Páistí | liosta iomláin | ||
Oideachas | |||
Alma mater | East High School (en) ![]() | ||
Gairm | |||
Gairm | damhsóir, scríbhneoir agus polaiteoir | ||
Duaiseanna | |||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Preispitéireachas | ||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí Poblachtach | ||
IMDb | nm0252034 | ||
![]() |
BeathaisnéisCuir in Eagar
Rugadh Mamie Doud in Boone, Iowa. D'oibrigh a hathair don ghnólacht próiseála feola a chuir a athair féin ar siúil agus d'éirigh chomh maith leis sa tionscadal úd go raibh sé ábalta dul ar scor agus é 36 bliana d'aois. Imircí ón tSualainn ab ea a seantuismitheoirí ar thaobh a máthar. Chuir siad tuismitheoirí Mamie fúthu in Denver, Colorado nuair a bhí sí 10 mbliana d'aois, cé gur ba ghnách lena teaghlach an geimhreadh a chaitheamh in San Antonio, Texas, mar ar casadh ise agus Dwight Eisenhower lena chéile.