Manuel Murillo Toro

polaiteoir Colómach

Polaiteoir, státaire agus scríbhneoir Colómach ab ea Manuel Murillo Toro (1816 - 1880), a bhí ina Uachtarán faoi dhó ar Stáit Aontaithe na Colóime (An Cholóim sa lá atá inniu ann), an chéad uair idir 1864-1866, agus arís idir 1872 agus 1874. Sheirbheáil Manuel Murillo Toro chomh maith mar Rúnaí Airgeadais i rith riaracháin an Uachtaráin José Hilario López, agus mar ambasadóir chun Veiniséala agus na Stáit Aontaithe.

Manuel Murillo Toro
Manuel Murillo Toro by Brady.jpg
Ministry of Finance and Public Credit (en) Aistrigh


Uachtarán na Colóime

Aibreán 1, 1872 - Aibreán 1, 1874
Eustorgio Salgar - Santiago Pérez de Manosalbas
Saol
Eolas breitheChaparral, 1ú Eanáir 1816
NáisiúntachtAn Cholóim
BásBogotá, 26 Nollaig 1880
Áit adhlacthaCentral Cemetery of Bogotá (en) Aistrigh
Oideachas
TeangachaAn Spáinnis
Gairm
Gairmiriseoir, taidhleoir, dlíodóir agus scríbhneoir
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaPartido Liberal Colombiano

BeathaCuir in Eagar

Rugadh Manuel Murillo Toro i mbaile Chaparral ar 1 Eanáir, 1816. Seoladh chun Bogotá é chun staidéar a dhéanamh ar an leigheas, d'fhág sé an mhíochaine áfach agus roghnaigh sé an dlí, agus le linn a chuid staidéar d'oibrigh sé do Vicente Azuero agus Lino de Pombo. Bhain sé céime amach sa bhliain 1836. Ó 1837 d'oibrigh sé mar fhostaí de chuid na Comhdhála,(Congreso de la República de Colombia), agus le linn Chogadh na nArdtaoiseach (Guerra de los Supremos),(1840-1843) sheirbheáil se mar chúntóir chun na gceannairí míleata éagsúla den Pháirtí Liobrálach (Spáinnis:El Partido Liberal). Sa bhliain 1846 bhain sé suíochán i dTeach na nIonadaithe (Cámara de Representantes de Colombia). Bhí sé ina Rúnaí Airgeadais (1849-1853) i rialtas José Hilario López, agus spreag sé saoirse tionsclaíochta agus athchóiriú an dlí arúlachta sa bhliain 1850. Faoin dlí nua leagadh síos go mbeadh úinéireacht na talún ar bhonn saothrú na talún, agus gur chóir go mbeadh carnadh na talún teoranta ó thaobh dlí. Cuireadh a mholtaí san áireamh i bhforáil bhunreachtúil sa bhliain 1936